Go maḋ fada sin uaitsi a ḋéunaṁ marso, an fíréun do ṁarḃaḋ maille ris an cciontaċ: agus go mbiaiḋ an firéun mar an cciontaċ, go maḋ fada sin uaitsi: naċ déuna Breiṫeaṁ na talṁan uile ceart?
Aċ ní ċorróċuiḋ madraḋ a ṫeangaḋ a naġuiḋ éanduine do ċloinn Israel, a naġuiḋ duine nó beaṫuiġ: ar ċor go mbía a ḟios aguiḃ cionnus ċuírios Día idirḋealaḋ idir na Hégiptiḃ agus Israel.
Agus tiucfa a ccríċ, tar éis a ttairrngṫe amaċ ḋaṁ go ḃfillfiḋ mé, agus go mbía truáiġe agam ḋóiḃ, agus gottiuḃra mé a rís, gaċ uile ḋuine ḋíoḃ ċum a oiġreaċta, agus gaċ áonduine ċum a ḋúiṫċe.
Go níarradaois grása ar Ḋía neiṁe a ttáoḃ na secréidesi; ċor naċ báiseoċaiḋ Dániel, nó a ċompánuiġ maille ris an ccuid oile do ḋaóiniḃ ġoca na Babilóine.
Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.
Aċt naċ ar ġlacadar mo ḃríaṫrasa agus mo reaċda, noċ daiṫin mé dom ṡearḃḟoġantuiḃ na faíġe, greim da ḃur naiṫriḃse? agus dfilleadar agus a duḃradar, Aṁuil mar do ḃreaṫnuiġ TIĠEARNA na slóġ do ḋéanaṁ rinne, do reír ar sliġṫe, agus do réir ar ngnióṁ, is mar sin do rinne sé rinn.
An tionad a nabair Edom, Do boċtuiġeaḋ sinn, aċt fillfiom agus cuirfiom na háite fáis súas; is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Cuirfid síad súas, aċt teilgfiḋ misi síos; agus goirfid siad díoḃ, Teórann na hurċóide, agus, Na daóine a naġaiḋ a ḃfuil dioġaltas an TIĠEARNA a coṁnuiġe.
Oír foillsiġid féin oruinn, cionnas do ċúaḋmar a steaċ ċuguiḃse, agus an gléus air ar ḟill siḃsé ó íoḋaluiḃ ċum Dé ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃéo ḟírinneaċ;
Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.