11 Agus imaiṫḃeorad an millteaċ ar ḃur sonsa, agus ni ṁillfiḋ sé torrṫa ḃur ttalṁan; ní mó ṫeilgfeas ḃur ḃfineaṁain a toraḋ roiṁe a nam san maċaire, a deir TIĠEARNA na slóġ.
¶ Go deiṁin scriosfuiḋ mé íad, a deir an TIĠEARNA: ní ḃiáiḋ aointríopall ar an ḃfíneaṁuin, nó fígiḋe ar an ccrann fíge, agus críonfa an duille; agus imṫeoċuiḋ na neiṫe úaṫa ṫug mé ḋóiḃ.
Do ṫiormaiġ a nfíneaṁuin súas, agus searguiḋ an crann fíge; an crann pomgranat, an crann pailme fós, agus a naḃall, eaḋon do ċríonadar, uile ċrainn an ṁaċaire: do ḃríġ gur ċríon gáirdeaċus ó ṁacaiḃ na ndaóine.
Diṫ an lócust an ní dfág an ṗíast palmer; agus an ní dfág an lócust a duáiġ an ṗéist ċancair; agus an ní dfág an ṗéist ċancair a duáiġ an caterpiler é.
Aċt áṫroċa mé a ḃfad uaiḃ slúaġ an tuáisceirt, agus tairreonga mé é go tir ḟoluiṁ ḟásuiġ, gun a aġaiḋ leaṫ ris an ḃfairge ṡoir, agus a ċuid síar ḋe leaṫ ris an ḃfairge is faide amaċ, agus tiucfuiḋ a ḃréuntas súas, agus tiucfuiḋ a ḋroċḃolaḋ súas, do ḃríġ go ndéarnuiḋ sé neiṫe móra.
Ná bioḋ eagla oruiḃ, siḃsi a ḃeaṫuiġ an ṁaġa: óir atáid inḃeara a nfásuiġ ag fás, óir do ḃeir an crann a ṫoraḋ, do ḃeir an crann fíge agus a nfíneaṁuin a neart.
Do ḃuáil mé siḃ le loscaḋ gaóiṫe agus le milċéo: an tan dfásadar ḃur ngáirdíne agus ḃur ḃfíneaṁna agus ḃur ccroinn fíge agus ḃur ccroinn ola, do ṁill an ṗéisd palmer íad: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
¶ Má atá naċ bláṫann an crann fíge, agus naċ mó ḃías toraḋ annsa ḃfíneaṁuin; fáilleaċuiḋ sáoṫar crainn na holá, agus ni ṫiuḃruid na maċaireaḋa biaḋ ar bioṫ úaṫa; gearrfuiġear an tréud amaċ ón máinriġ, agus ní ḃiáid ealḃa ar bioṫ annsua stallaḋuiḃ:
Agus do ġoir misi air ṫiormaċ air an ttalaṁ, agus air na sléiḃtiḃ, agus air a narḃar, agus air an ḃfíon núaḋ, agus air a nola, agus air an nísin noċ do ḃeir an talaṁ amaċ, agus air ḋaóiniḃ, agus air airnéis, agus air uile ṡáoṫar na láṁ.
Oír biáiḋ an síol soná; do ḃéara an ḟíneaṁuin a toraḋ, agus do ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus do ḃearuid na neaṁa a ndrúċt; agus do ḃéara mé air íarsma an ṗobailsi íadso uile do ṡealḃuġaḋ.
Go ttiuḃra misi ḋáoiḃ fearṫuínn ḃur ttalṁan na ham féin, an ċéud fearṫuinn agus an ḟearṫuinn ḋeiġionaċ, ċor go ccruinneoċá tú a steaċ harḃar, agus ṫfíon, agus hola.