7 Oír do buḋ cóir do ṗuisíniḃ an tsagairt eólus do ċoiṁéad, agus do buḋ coir ḋoíḃsion dliġeaḋ díarruiġ as a ḃéul: óir isé sin teaċtaire ṪIĠEARNA na slóġ.
Agus do rinne Uriiah an sagart altóir do réir gaċ éinneiṫe dar ċuir Ahas an ríġ ó Ḋamascus ċuige: már sin do rinne Uriiah an sagart í fá a nam a ttáinic an ríġ Ahas ó Ḋamascus.
Agus do laḃair Heseciah go coḃarṫaċ ris na Leḃítiḃ uile noċ do ṫeagaisc eólus maiṫ an TIĠEARNA: agus a dúadar ar feaḋ a nféusta seaċt lá, ag ofráil ofrála síoṫċána, agus ag déanaṁ adṁála don TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ.
Tuilleaṁ fós dfuagair sé don luċt do ċoṁnuiġ ann Ierusalem cuid na sagart agus na Leḃíteaċ do ṫaḃairt dóiḃ, go mbeidís meanmnaċ a ndliġeaḋ an TIĠEARNA.
Agus ṫúsa, Esra, do réir ġliocuis do Ḋé, noċ atá ad láiṁsi, cuir úaċdaráin agus breiṫeaṁuin, noċ ḋéanas breiṫeaṁnus do nuile ṗobal atá taoḃ ṫall do naḃuinn, an ṁéid agá ḃfuil fios dliġe do Ḋése; agus múinsi an ṁéid dá naċ fios é.
Cía is dall, aċd mo ṡeirḃíseaċsa? nó boḋar, mar mo ṫeaċtaire do ċuir mé úaim? cía as dall mar an té atá iomlán? nó dall mar ṡearḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA?
Noċ ḋaingniġios focal a ṡearḃḟoġantuiġe, agus ċoiṁlionas coṁairle a ṫeaċtaireaḋ; a deir re Ierusalem, Aitreoċṫar ṫú; agus ré caiṫreaċaiḃ Iúdah, Cuirfiġear súas siḃ, agus tóigfe misi súas a náite sgriosta.
¶ Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Má ḟilleann tú, annsin do ḃéura mé líom a rís ṫú, seasfa tú am ḟíaġnuisi: agus má ḃeirionn tú an mórlúaiċ ón ttruáilliġṫe, biaiḋ tú aṁuil mo ḃéul fein: fillidíssion ċugadsa; aċt ná fillsi ċucasan.
¶ Annsin a dúḃradarsan, Tigiḋ, agus déanam coṁairle a naġaiḋ Ieremiah; óir ní ṁuġoċuiḋ an dliġeaḋ ón tsagart, nó coṁairle ó neagnuiḋe, nó an ḃríaṫar ón ḃfáiġ. Tigiḋ, agus buáiliom é leis an tteangaiḋ, agus ná tugam aire déanḟocal dá ḃríaṫruiḃ.
Ní duḃradar na sagairt, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA? agus an drong láṁuiġeas an dliġeaḋ nior aiṫniġeadar mé: do ċionntuiġeadar fós na háoḋaireaḋa am aġaiḋ, agus do ṫairġiriodar na fáiġe tré Ḃáal, agus do leanadar neiṫe naċ ttarḃuiġionn.
Do ḃriseadar a sagairt mo ḋliġeaḋ, agus do ṫarcuisniġeadar mo neiṫe náoṁṫa: ní ḋeárnadar eidirḋealuġaḋ idir an náoṁṫa agus a neaṁnáoṁṫa, ní mó do ṫaisbeanadar eidirḋealuġaḋ idir an nglan agus an neaṁġlan, agus dfoluiġeadar a súile óm ṡaóire, agus atáim ar mo ṫruilleaḋ eattorra.
Tiucfuiḋ urċóid ar urċóid, agus biáiḋ iomráḋ air iomráḋ; annsin iarrfuid síad fios air an ḃfáiġ; aċt muġoċuiḋ an dliġeaḋ on tsagart, agus coṁairle ó na sinnsiorruiḃ.
Agus múinfiḋ an luċt atá tuigsionaċ a measc na ndaóine mórán: giḋeaḋ tuitfid síad leis an ccloiḋeaṁ, agus leis an lasair, lé daóirsine, agus le millteaċus, mórán do láeṫiḃ.
¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.
Agus do laḃairt ris na sagartaiḃ noċ do ḃí a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ, agus ris na fáiġiḃ, ag ráḋ, Nar ċóir ḋaṁsa gul da ḋéanaṁ annsa ċuigeaḋ mí, dom ḋealuiġaḋ féin, mar do rinne mé an móran blíaḋansa?
Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Agus seasfa sé a laṫair Eleasar an sagart, noċ íarrfus coṁairle ḋó do réir breiṫeaṁnus Urim a laṫair an TIĠEARNA: do réir a ḟocailsion raċfuid síad amaċ, agus do réir a ḟocailsion tiocfuid síad a steaċ, eision fós, agus clann Israel uile maille ris, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ uile.
Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ġaḃus ċuige an té ċuirimse uáim gaḃuiḋ sé misi ċuige; agus giḋ bé ġabus misi ċuige gaḃuiḋ sé an té ċuir úaḋ mé ċuige.
Uime sin is teaċdaireaḋa sinn as uċd Ċríosd, aṁuil do ċuirfeaḋ día impiḋe oruiḃsi ṫrídne: iarrmaóidni daṫċuinge oruiḃ as uċd Ċríosd, bíġiḋ réiḋ ré Día.
Agus tiucfuid na sagairt mic Léḃi a laṫair; (óir is íad do ṫoġ do ṪIĠEARNA Día do ṁiniostralaċd dó, agus do ḃeannuġaḋ a nainm an TIĠEARNA; agus is lé na mbreiṫir críoċnuiġṫear gaċ uile imreasain agus gaċ uile ḃuille:)
¶ Taḃair haire a bpláiġ na luḃra, go gcoiṁéadfa tú go dúṫraċdaċ, agus go ndéana tú do réir a nuile neiṫe ṁúinfid na sagairt Leḃiteaċ ḋuit: mar do aiṫin misi ḋíoḃsan, mar sin ċoiṁeadfáoisi ḋéanaṁ.