6 Do ḃí dliġeaḋ na fírinne iona ḃéul, agus níor fríṫ éicceart iona ṗuisíniḃ: do ṡiuḃuil sé liomsa a síoṫċain agus a cceart, agus dfill mórán leis ó eaicceart.
Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.
Aċt da seasaidis ann mo ċoṁairlesi, agus go ttiuḃraidís ar mo ḋaóiniḃ mo ḃriaṫra déisteaċd, annsin dfillfedis íad ó na ndroiċsliġe, agus ó uilc a ngníoṁ.
¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.
Ar a naḋḃarsin cuirid síad a ndeisciobuil féin ċuige maille ré muinntir Iorúaiṫ, ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinn gur ab duine fírinneaċ ṫusa, agus go dteagasgann tú slíġe De go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonnduine: óir ní ḟéaċann tú do ṗearsain na ndáoine.
Agus an tan ṫáinic síad, á duḃradar ris, A Ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinne go ḃfuil tusa firinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonduine: óir ní ḟéuċann tú ar ṗearsuinn na ndáoine, aċd múiniḋ tú sliġe Dé do réir ná fírinne: An ceaduiġeaċ cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, nó gan a ṫaḃairt?
Agus dfíafraiġeadar ḋe, ag ráḋ, á Ṁaiġisdir, atá a ḟios againne gur ceart laḃras tú agus ṫeagaisgeas tú, agus naċ ḃfuil cion agad ar ṗearsain áonduine, aċd go dteagasgann tú sliġe Dé do réir na fírinne:
Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.
Noċ a duḃairt re na aṫair, agus re na ṁáṫair, Ní ḟaca mé e; ní mó do adṁuiġ sé a ḋearḃráiṫre, agus níor aiṫin a ċlann féin: óir do ċoiṁeadadar do ḃríaṫrasa, agus do ċóṁalladar do ċunnraḋ.