A ṪIĠEARNA, a núair ṫóigfiġear do láṁ súas, ní ḟaicid síad: aċt do ċífid, agus béid náireaċ ar son a ttnúṫa ris an bpobal; loisgfiḋ fós, teine do náṁadsa íad.
Leis so ar a náḋḃarsin glanfuiġṫear éigceart Iácob; agus isé so uile ṫoraḋ do ċur a ṗeacaiḋ ar ccúll; a núair do ḋéana sé cloċa na haltóra uile aṁuil cloċa cailce noċ ḃristior ó ċéile, ní ṡeasfuid na garráin nó na hioṁáiġe súas.
A náit a ttugaḃair coiṁṫiġiḋ, gan timċillġearraḋ iona ccroiḋe, agus gan timċillġearraḋ iona ḃfeóil, do ḃeiṫ ann mo ṡanctóirse, dá ṫruáilleaḋ, eaḋon mo ṫiġ, an tan ofráilṫi marán, an méuṫus agus a nfuil, agus do ḃrisiodar mo ċunnraḋ do ḃríġ ḃur nuile ġráineaṁlaċtasa.
Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Agus dó ḋearḃráiṫre mar an ccéadna do ṫreiḃ Léḃi, treaḃ haṫar, taḃairsi leaċd íad, go niaġṫar leaċd íad, agus go ndéanuid friṫeolaṁ ḋuit: aċd do ḋéana tusa agus do ċlann maille riot miniostráláċd as coinne ṫabernacuil na fiaḋnuise.
Agus misi, féuċ, misi do ṫóg na Leḃítiġ amaċ as cloinn Israel a náit a nuile ċéidġín da ḃfosclann an ḃrú a measc ċloinne Israel: uime sin buḋ liomsa na Leḃitiġ;
Glac ċugad na Leḃítiġ a náit a nuile ċéidġin a measc ċloinne Israel, agus áirnéis na Leḃiteaċ a nionad a náirnéise; agus buḋ liomsa na Leḃitiġ: misi an TIĠEARNA.
Agá ḃfuil a críaṫar ann a láiṁ, agus glanfuiġ sé urlár a ḃúailte, agus cruinneoċuiġ sé an ċruiṫneaċd an ait ṫaisgiḋe; agus loisgfiḋ sé an ċáiḋ lé teiniġ naċ éidir do ṁúċaḋ.