3 Féuċ, truaillfiḋ mé ḃur síol, agus leaṫnoċa mé aóileaċ air ḃur naiġṫiḃ, eaḋon aóileaċ ḃur ḃféustaġ sollamonta; agus do ḃéara sin leis siḃ maille ris.
Ar a naḋḃarsin, féuċ, do ḃéara misi olc ar ṫiġ Ieroboam, agus gearrfa mé amaċ ó Ieroboam an té ṁúnus a naġaiḋ an ḃaila, agus an té do cuireaḋ fá íaḋaḋ agus do fágḃaḋ ann Israel, agus do ḃeara mé liom fuiġioll tiġe Ieroboam, mar ḃeirios duine aóileaċ leis, nó go nimṫiġiḋ sé uile.
Agus leaṫnoċuid síad íad as coinne na gréine, agus na gealuiḋe, agus ṡlóiġ neiṁe uile, noċ dob ionṁuin léo agus dá ndeárnadar seirḃís, agus a ndiáiġ ar ṡiúḃluiġeadar, agus noċ díarradar, agus noċ do aḋradar: ní ċruinneoċṫar íad, ní haḋlocṫar íad, biáid ċum aóiliġ ar ġnúis na talṁan.
Do ḋéana misi mar an gceadna so riḃse; cuirfe me criṫeagla oruiḃ, cnáoi agus fíaḃrus tinntiġe, noċ ċnáoiḋfeas na súile, agus do ḃéura doilġios croiḋe: agus cuirfiḋe ḃur síol go díoṁáoin, óir is íad ḃur náṁuid íosas é.
Uime sin fós do rinne mé siḃsi tarcuisneaċ agus dímeasta as coinne a nuile ṗobal, do réir mar nár ċoiṁéadaḃair mo ṡliġṫe, aċt go raḃaḃair leaṫrannaċ annsa dliġeaḋ.