Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Malaċi 2:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Ṫairis sin a dearṫaói, Cred uime? Do ḃríġ go raiḃ an TIĠEARNA dfiaḋnuisi eadrad agus bean hoíge, a naġaiḋ a ndéarna tusa go míoċoinġiollaċ: giḋeaḋ is isi do ċompánaċ, agus bean do ċunnarṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Malaċi 2:14
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ráiḋ an TIĠEARNA Día, Ní maiṫ an duine ḃeiṫ na áonar: do ḋéuna mé cunġnaṁ ḋó ḃías iomċúḃaiḋ ḋó.


Má ní tú leatrom ar minġeanuiḃ, nó má ḃeir tú mná eile leiṫ amuiġ dom inġeanuiḃ, ní ḃfuil áonduine ar ḃfoċair: féuċ, atá Día dḟíaġuin eadruinn.


Noċ ṫréigios éoluiġe a hóige, agus ḋearmadas cunnraḋ a Dé.


Marsin atáid sliġe na mná haḋaltrannuiġe; iṫiḋ sí, agus glanuiḋ a béul, agus a deir sí, Ní ḋéarna misi cionnta ar biṫ.


Agus cred as a mbeiṫeása, a ṁic, ar seaċran le mnaói ċoiṁṫiġiḋ, agus fa tteannfá le brollaċ coiṁiġeaċ?


Taḃair do ḃeáṫa go gáirdeaċ a ḃfoċair do mná air a mbí gráḋ agad air feaḋ uile láeṫe ṡáoġail do ḋíoṁaóinis, noċ ṫug sé ḋuit faói an ngréin, uile láeṫe do ḋíoṁaóinis: óir isí sin do ċuid annsa tṡáoġalso, agus ann do ṡáoṫar do ġeiḃ tú faói an ngréin,


Féuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ; féuċ, atá tú scíaṁaċ; atáid súile coluim agad.


Oír do ġoir an TIĠEARNA ṫusa mar ṁnaói ar na tréigean agus duḃaċ a spioraid, agus mar ṁnaói óige, a nuáir do díultaḋ ṫú, a deir do Ḋía.


Cred fár ṫroisgeamar, a deirid síad, agus naċ ḃfaiceann tusa? créd far ṗíanamar ar nanam, agus naċ ḃfeadair tusa? Féuċ, a ló ḃur ttroisge do ġeaḃṫaoi sólás, agus íarrfuiġe go géar ḃur ḃfíaċa uile.


Do ḃríġ go ndearnadar aḋnáir ann Israel, agus go ndéarnadar aḋaltrannas ré mnáiḃ a ccoṁarsan, agus mar do laḃradar bríaṫra bréagaċa ann mainmse, naċ ar aiṫin mé ḋíoḃ; agus atá a ḟios agamsa, agus is fíaḋnuisi mé, a deir an TIĠEARNA.


Ann sin a dúḃradar ré Ieremiah, Bíoḋ an TIĠEARNA na ḟíaḋuin ḟírinniġ ḋíriġ eaḋruinn, muna ndearnam do réir na nuile neiṫe ar son a ccuirfiḋ an TIĠEARNA do Ḋía ċuguinn ṫú.


An raiḃ náire orra a núair do rinneadar gráineaṁlaċt? ní heaḋ, ní raiḃ náire orra ar aonċor, ní mó dféadadar deargaḋ: uimesin tuitfid siad a measg na druinge ṫuitfíos: a naimsir a ccúarta teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.


Oh naċ ḃfuil agum annsa ḃfásaċ ionad cóṁnuiḋe luċt turuis; ċor go ḃfúigfinn mo ḋaoine, agus go nimeoċuinn úaṫa! óir is aḋaltrannuiġ íad uile, agus oireaċdas daóine meaḃlaċ.


Anois an tan do ġaḃ mé láiṁ riot, agus daṁairc mé ort, féuċ, do bé haimsir aimsir ġráḋa; agus do leaṫnuiġ mé mo sciorta ṫort, agus dfoluiġ mé do ṫárnoċtuiġ: fós ṫug mé mionna ḋuit, agus do ċuáiḋ mé a cunnraḋ riot, a deir an Tiġearna DIA, agus do buḋ liomsa ṫú.


¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa.


Agus naċ deárna seision áon? Giḋeaḋ do ḃí fuiġioll don spiorad aige. Agus cred uime áon? As a níarrfaḋ sé síolta náoṁṫa. Uimesin taḃair aire dot spioraid, agus na déanaḋ duine ar bioṫ go fealtaċ a naġaiḋ mná a óige.


Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ.


¶ An sladfa duine Día? giḋeaḋ do ṡladaḃairsi misi. Aċt a dearṫáoi, Cred ionar ṡladamar ṫú? A ndeaċṁaḋuiḃ agus a nofraluiḃ.


Agus a duḃradar sinnsir Ġílead re Ieṗtah, Bíoḋ an TIĠEARNA dfiaġnuisi eadruinn, muna ndeanam sinn do reír do ḃríaṫrasa.


Agus a duḃairt sesion ríu, Is fiaḋnuisi an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ, agus is fiaḋnuisi a ungṫa san ló aniuġ, naċ ḃfúaraḃair éinní am láiṁ. Agus do ḟreagradarsan, Is fiaḋnuisi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ