10 ¶ Naċ áonaṫair atá aguinn uile? naċ aóin Día do ċruṫaiġ sinn? cred fa ndéanmaóid go fealltaċ gaċ nduine a naġaiḋ a ḋearḃraṫar, ag truáilleaḋ cunnarṫa ar naiṫreaḋ?
Anois uime sin, má uṁluiġṫiġ dom ġuṫ daríriḃ, agus mo ċunnraḋ do ċoṁall, annsin beiṫí mar nionṁus diongṁálaḋ agam os cionn gaċ uile ṗobal: óir is liomsa an talaṁ uile:
Agus táinic Maóise agus do innis don ṗobal uile ḃríaṫra an TIĠEARNA, agus á uile ḃreiṫeaṁnus; agus do ḟreagradar an poball uile lé héanġuṫ aṁáin, agus a duḃradar, Na huile ḃríaṫra noċ do laḃair an TIĠEARNA do ḋéanaimne íad.
Agus do ġlac sé leaḃar an ċunnarṫa, agus do léiġ a néisdeaċd an ṗobuil: agus a duḃradarsan, A nuile ní a dúḃairt an TIĠEARNA, do ḋéanam é, agus bíam uṁal.
Aċt a nois is marso a deir an TIĠEARNA do ċruṫaiḋ ṫusa, a Iácob, agus an té do ċum ṫú, a Israel, Ná himeagluiġ: óir dfúasguil mé ṫú, do ġoir mé ṫú as hainm; is liomsa ṫú.
Is marso a deir an TIĠEARNA do rinne ṫú, agus do ċum ṫú as an mbroinn, noċ ċuideoċus leáċd; Ná húaṁnuiġ, a Iácob, mo ṡeirḃíseaċ, agus ṫusa a Iesúrun, do ṫoġ mé.
Gan aṁarus is tú ar naṫair, bíoḋ naċ aiṫnid do Abraham sinn, agus naċ adṁann Israel sinn: is tusa, a ṪIĠEARNA, ar naṫair, ar slanaiġṫeóir; atá hainm o ṡíorruiḋeaċt.
Agus ní ḃfuil áon ġoireas air mainmse, ċorruiġeas é féin súas do ġaḃáil greama ḋíotsa: óir dfoluiġ tú haġaiḋ oruinn, agus do leaġ tú sinn, ar son ar cciontaḋ.
Tiucfuid síad maille re gul, agus maille re gearánuiḃ ṫréoroċus mé íad: do ḃéara mé orra siuḃal re taóiḃ na sroṫann uisceaḋ a sliġe ḋíriġ, a náit naċ ḃfuiġid siad tuisleaḋ: óir atáim am aṫair ag Israel, agus sé Eṗraim mo ċéidġm.
A ṁic an duine, laḃruiḋ an drong áitreaḃas na háite fasuiġsi ṫire Israel, ag ráḋ, Do ḃí Abraham na aónar, agus do ġaḃ sé oiġreaċt na dúiṫċe: aċt atámáoidne mórán; tugaḋ an tír ḋúinn mar oiġreaċt.
¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm?
Do rinne Iúdah go fealltaċ, agus do rinneaḋ gráineaṁlaċt ann Israel agus ann Ierusalem; óir do ḋíoṁaóiniġ Iúdah náoṁṫaċt an TIĠEARNA noċ do ġráḋuiġ sé, agus do ṗós sé inġean dé ċoiṁṫiġiḋ.
Agus do ḃéaruiḋ an dearḃraṫair a ḋearḃraṫair ċum báis, agus an taṫair an mac: agus éireoċuiḋ an ċlann a naġuiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus do ḃéuraiḋ fa deara a gcur ċum báis.
Ar a naḋḃarsin cuirid síad a ndeisciobuil féin ċuige maille ré muinntir Iorúaiṫ, ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinn gur ab duine fírinneaċ ṫusa, agus go dteagasgann tú slíġe De go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonnduine: óir ní ḟéaċann tú do ṗearsain na ndáoine.
Ar a naḋḃarsin taḃraiḋ tórrṫa ḃus iomċuḃaiḋ don naiṫriġe úaiḃ, agus ná tionsgnaiḋ a ráḋ ionnaiḃ féin, A tá Abraham na aṫair aguinn: oír a deirimsi riḃ, Gur ab éidir lé Dia clann do ḋúsaċd as na cloċmiḃse féin D'abraham.
Agus fós ní tugṫar onóir ḋó lé laṁuiḃ dáoine, amr do ḃíaḋ ríaċdanus éinneiṫe air, óir is é féin do ḃeir beaṫa, agus anál, agus gaċ uile ní do na huile neiṫiḃ;
Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan;
Agus a duḃairt seision, A ḃraiṫreaċa, agus a aiṫreaċa, éisdiġ; Dfoillsiġ Día na glóire é féin dar naṫair Abraham, an tan do ḃí sé sa Mésopotámia, suil do ċóṁnuiḋ sé a Gcárran,
Agus an lá na ḋíaiġ sin ar mbeiṫ ḋóiḃ ag coṁrac do ṫaisbéin sé é féin dóiḃ, agus do ḃí sé déanaṁ síoṫċana eatorra, ag ráḋ, A ḋáoine, as dearḃraiṫreaċa da ċéile siḃ; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a ċéile?
Giḋeaḋ ní ḃfuil aguinne aċd áon Ndía aṁáin, an Taṫair, ó a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne annsan: agus éin Tiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne ṫrídsion.
Gan leaṫrom na méaḃail do ḋéunaṁ déinneaċ air a ḋearḃraṫair: óir do ní Día díoġaltus sna neiṫiḃse uile, do réir mar a duḃramar ċeana riḃ, agus do rinneamar dfíaḋnuisi.
Do ḃádar fós ar naiṫreaċa colluiḋe aguinn na luċd smaċduiġṫe, agus do ḃeirmís urruim ḋóiḃ: a né naċ ro ṁó ná sin do ḃéuram úṁlaċd Daṫair na spiorad, agus bíam béo?
Agus do ṫóg misi ḃur naṫair Abraham don taóiḃ oile don tuile, agus do ṫréoruiġ mé tré ṫír Ċanaain uile é, agus do ṁéaduiġ mé a ṡlioċd, agus ṫug mé Isaac ḋó.