Agus a duḃairt an TIĠEARNA ría, Dá ċineaḋ atá ad ḃroinn, agus ḋa ċinéil dáoine ḋealóċṫar ód ċorp; agus biáiḋ cineaḋ ḋíoḃ as láidre na an cineaḋ eile; foiġeónuiḋ an sinnsear don tsósar.
Agus tiucfuiḋ an fearann tirim ċum ḃeiṫ na loċán, agus an fearann tartṁar na ṡroṫaiḃ uisge: a náitreaḃ na ndragún, mar a luiġionn gaċ áon, biáiḋ féur maille re giolcaċ agus re lúaċair.
Aċt do rinne misi Esau lom, do noċt mé a áite secréideaċa, agus ní ḟéadfa sé é féin do ċeilt: do creaċaḋ a ṡíol, agus a ḋearḃráiṫre, agus a ċoṁarsana, agus ní ḃfuil sé féin ann.
Uimesin éistiġ coṁairle an TIĠEARNA, do rinne sé a naġaíḋ Edom; agus na tionnscanta, do ṫionnscain sé a naġaiḋ áitreaḃṫaċa Téman: Go deiṁin díbeoruiḋ ann té as luġa doa tréad amaċ íad: go deiṁin do ḋéana sé a ttiġṫe fáon foláṁ maille ríu.
¶ A ttáoḃ Edom, is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; An ḃfuil, críonnaċt ó so amaċ ann Teman? nar imṫiġ coṁairle seaċad ón ġlic? a ndeaċuiḋ a neagna ar neiṁní?
Do coiṁlíonaḋ pionós héigceirt, a inġean Ṡion; ní ḃéara sé ní sa ṁó ṫú a ndaoirsine: cuáirteoċa sé héigceart, a inġean Edom; foillseoċuiḋ sé do ṗeacuiḋe.
Biáiḋ a Négipt na fásaċ, agus biáiḋ Edom na fásaċ áonranaċ, do ḃríġ foiréigin a naġaiḋ ċloinne Iúdah, do ḃríġ gur ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ ann a ndúṫaiġ.
Giḋ bé ṫig ċugamasa, agus naċ sé a aṫair, agus a ṁaṫair, agus a ḃean, agus a ċlann, agus a ḋearḃraiṫreaċa, agus a ḋeirḃsiúreaċa, agus fós a anam fein, ní heidir leis ḃeiṫ na ḋeiscipbal agamsa.