¶ Agus a nuáir ḟíafroċus an pobalso, nó fáiġ, no sagart, díotsa, ġa ráḋ, Cred é úalaċ an TIĠEARNA? déara tú ríu annsin, Cred an túalaċ? Eaḋon tréigfiḋ mé siḃse, a deir an TIĠEARNA.
Annsa dara blíaḋain do Ḋárius an ríġ, annsa seiseaḋ ṁí, annsa ċéad lá don ṁí, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA le Haggai an fáiġ go Serubbabel ṁac Sealtiel, úaċdarán Iúdah, agus go Iosua ṁac Iosedeċ, an tárdṡagart, ag ráḋ,
Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.
Ualaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA a ttír Hadraċ, agus buḋ é Damascus a ṡuaiṁneas sin: a nuáir ḃías súile an duine, mar ḃiáid súile uile ṫreaḃ Israel, leaṫ ris an TIĠEARNA,
Do rinne Iúdah go fealltaċ, agus do rinneaḋ gráineaṁlaċt ann Israel agus ann Ierusalem; óir do ḋíoṁaóiniġ Iúdah náoṁṫaċt an TIĠEARNA noċ do ġráḋuiġ sé, agus do ṗós sé inġean dé ċoiṁṫiġiḋ.