Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:52 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

52 Agus do ċuir sé teaċdairiġe róiṁe: agus ar nimṫeaċd dóiḃ, do ċúadara sdeaċ a mbaile na Samáritánaċ, do ċum go ndéanaidís ullṁaġaḋ roiṁesion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

52 Agus ċuir sé teaċtairí roiṁe, agus ar imṫeaċt dóiḃ, ċuaiḋ siad isteaċ i mbaile de ċuid na Samáiriteánaċ, le déanaṁ réiḋ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

52 agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċuadar isteaċ i mbaile beag de ḃailtiḃ na Samáritánaċ, ċum ullaṁú do ḋéanaṁ fá n‐a ċoinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

52 Agus ċuir sé teaċtairí roimis amaċ, agus ċuadar isteaċ i gcaṫair de ċaṫaraċaiḃ na Samaritánaċ ċun neiṫe ċur i dtreó ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:52
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Do ċuir Iósa an da ḟear ḋéugso a maċ, a taḃairt aiṫeantaḋ ḋóiḃ, ag ráḋ, Na gaḃaiḋ go sliġe na Gcineaḋaċ, agus na heírġiġ a sdeaċ a gcaṫuir na Samaritánaċ;


Agus na ḋiaiġ so dórduiġ an Tiġearna mar an gcéadna deiṫneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé na ndís agus na ndís roiṁe féin iád dá gaċ uile ċaṫruiġ agus ionnad, ann a raíḃ a ṫeaċd féin.


Agus ar mbeiṫ ag gaḃáil na sliġeaḋ, do Ṡamaritánaċ áiriġe, ṫáinic sé mar a raiḃ seision: agus ar na ḟaicsin, do ġaḃ truáiġe ġér ḋó é


Agus tárla, ag dul súas dó go Hierúsalém, gur ġaḃ sé tré lár na Samária agus na Galilé.


Agus do ṫuit sé ar a aġuiḋ agá ċosaiḃsean, ag breiṫ ḃuiḋeaċais ris: agus buḋ Samaritánaċ an fearso.


Ag so an te, ar a ḃfuil sgríoḃṫa, Féuċ, cuirim mo ṫeaċdaire roṁad, oillṁéoċus do ṡliġe roṁad.


Agus dob éigean do dul ṫird Samária.


Ar a naḋḃarsin ṫaínig sé go caṫair Ṡamária, dá ngoirṫear Siċar, láiṁ ris an ḃfearann tug Iácob ḋa ṁac fein Ioseṗ.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt an ḃean Ṡamaritánaċ sin ris, Cionnas ar mbeiṫ ḋuitsí ad Iúdaiġe, iárrus tú deoċ oramsa, ata am ṁnáoi Ṡamaritánaiġ? Oír ní ġnáṫuiġid na Iúdaiġe na Samaritánuiġ.


Uime sin dó ḟreagradar na Iúdaiḋe, agus a duḃradar ris, An né naċ maiṫ a deirmíd gur Samaritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnad?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ