Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus giḋ bé naċ géuḃuiḋ ċuca siḃ, ar ḃfagḃáil na caiṫreaċasin dáoiḃ, craiṫiḋ fós an lúaṫbreaċán dá ḃur gcosniḃ mar ḟíaḋnuisi na naġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus muna ḃfáiltiġiḋ daoine róṁaiḃ, cibé ar biṫ iad, ag dul amaċ as an ċaṫair sin díḃ, craiṫigiḋ fiú an dusta de bur gcosa mar ḟiaḋnaise ina n-aġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus cibé daoine naċ nglacfaiḋ ċuca siḃ, ag imṫeaċt as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus pé daoine ná glacfaiḋ siḃ imṫiġiḋ amaċ as an gcaṫair sin agus deiniḋ an ceó do ċroṫaḋ d’ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnuise ’n-a gcoinniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:5
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar an ccéadna do ċroiṫ mé muċt, agus a duḃairt mé, Go ccroiṫiḋ Día marso amaċ as a ṫiġ, agus as a ṡaoṫar, an té naċ ccoiṁéolluiḋ an geallaḋsa, gu maḋ marso ċroiṫfiġṫear amaċ, agus ḟoilṁeoċṫar é. Agus a duḃairt an coṁċruinniuġaḋ uile, Amen, agus do ṁoladar an TIĠEARNA. Agus do rinneadar na daóine do réir na geallaṁnasa


Agus fós béarṫar siḃ ċum úaċdarán agus ċum rioġṫeaḋ ar mo ṡonsa, mar ḟínné ḋóiḃsean agus do na Cineaḋaċuiḃ.


Agus giḋ bé ar biṫ naċ géuḃa siḃ, agus naċ éisdfi riḃ, ar nimṫeaċd diḃ as sin, craiṫiḋ an lúaiṫreaḋ ḃías fá ḃar gcosaiḃ mar ḟíaḋnuisi na naġuiḋ. Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur fá socaṁluiġe de Ṡodom nó do Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnuis, ná don ċaṫruiġ sin.


Giḋ bé neaċ ġéuḃus ċuige áon dá leiṫeidiḃ so do leanbuiḃ am mainmsi, gaḃuiḋ sé misi ċuige: agus giḋ bé neaċ ġéuḃus misi ċuige, ni misi ġaḃus sé ċuige, aċd an té do ċuir úaḋ mé.


Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion.


Agus do aiṫin sé ḋe gan a innisin do ḋuine ar biṫ: aċd imṫiġ, taisbéin ṫú féin don tsagart, agus íoḋbair ar son do ġlanta, mar do aiṫin Máoisi, mar ḟíaġnaisi ḋóiḃ.


Agus giḋ bé ar biḋ teaċ an a raċtáoi a sdeaċ, gur ab ann sin ḟanfáoi, agus gur ab as raċtái amaċ.


Agus a duḃairt sé riú, Giḋ bé ġéuḃas ċuige an leanaḃ so a mainmsi is misi ġaḃas se ċuige: agus giḋ bé ġéuḃas misi ċuige, gaḃuiḋ sé ċuige an té do ċuir uáḋ mé: óir giḋ bé is luġa eadruiḃsi uile, bíaiḋ se mór.


Aċd ar gcraṫaḋ ḋóiḃsion luaiṫriġ a gcos na naġaiḋ, tangadar go Hicónium.


Agus an tráṫ do ċuireadarsan na aġuiḋ, agus do laḃradar blasṗéime, ar gcroṫaḋ a éudaiġ ḋósan, a duḃairt sé ríu, Bíoḋ ḃur ḃfuil ar ḃur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas raċuiḋ mé ċum na Gcineaḋaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ