Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:48 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Agus a duḃairt sé riú, Giḋ bé ġéuḃas ċuige an leanaḃ so a mainmsi is misi ġaḃas se ċuige: agus giḋ bé ġéuḃas misi ċuige, gaḃuiḋ sé ċuige an té do ċuir uáḋ mé: óir giḋ bé is luġa eadruiḃsi uile, bíaiḋ se mór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Agus duḃairt leo: Cibé a ġlacfas an leanḃ seo i m’ainm-se, glacann sé mise, agus cibé a ġlacfas mise, glacann sé an té a ċuir uaiḋ mé; óir an té ar luġa é eadraiḃ uilig, is é is mó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ġlacfas ċuige an leanḃ beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ġlacfas mise ċuige, glacann sé ċuige an té do ċuir uaiḋ mé: óir an té is luġa eadraiḃ uile, is é is mó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Agus duḃairt sé leó-san: An t-é a ġlacfaiḋ an leanḃ san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ġlacfaiḋ mise glacann sé an t-é do ċuir uaiḋ mé; óir an t-é is lúġa agaiḃ go léir isé is mó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:48
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is árd croiḋe an duine roiṁe a naiḋṁilleaḋ, agus atá a núṁlaċd roiṁe onóir.


Taḃruiḋ dá ḃur naire naċ dtaḃarṫáoi tarcuisne air éinneaċ don ṁuinntir ḃigsi; oír a deirim riḃ, Go ḃfaicid a naingilsion aír neaṁ do ġnáṫ aġaiḋ Ṁaṫarsa a tá ar neaṁ.


Mar an gcéadna ní hí toil ḃur Naṫarsa a tá ar neaṁ, go raċaḋ éinneaċ do na dáoiniḃ a muġa.


Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.


Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.


Ann sin do ḃéara seisean freagra orrṫa, ag ráḋ, A deirim riḃ go firinneaċ, An ṁéid naċ dearnaḃair é déinneaċ do ṁuinntir roiḃigsi, naċ ndearnaḃair ḋaṁsa é.


Giḋ bé neaċ ġéuḃus ċuige áon dá leiṫeidiḃ so do leanbuiḃ am mainmsi, gaḃuiḋ sé misi ċuige: agus giḋ bé neaċ ġéuḃus misi ċuige, ni misi ġaḃus sé ċuige, aċd an té do ċuir úaḋ mé.


Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion.


Oír giḋ bé árduiġeas é féin ísleóċṫar é; agus giḋ bé ísliġeas é féin, áirdeóċṫar é.


Aċd ní mar sin dáoiḃse: aċd an té as mó eadruiḃ, ḃíoḋ sé mar an té is luġa; agus an té is áired eadruiḃ, mar an té do ní miniosdralaċd.


Ionnus go níosdáoi agus go níoḃṫáoi ar mó ḃórdsa ann mo rioġaċd féin, agus go suiġfí ar ċaiṫíreaċaiḃ ag breiṫ ḃreiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéug Isráel.


Oir a deirim riḃ, Naċ ḃfuil éidir ċlannuiḃ na mban faiḋ as mó ná Eóin Baisde: Aċd ċeana an té as luġa a rioġaċd Dé as mó é na eisean.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ġaḃus ċuige an té ċuirimse uáim gaḃuiḋ sé misi ċuige; agus giḋ bé ġabus misi ċuige gaḃuiḋ sé an té ċuir úaḋ mé ċuige.


Giḋ bé agá ḃfuilid maiṫeantasa, agus ċoiṁéadas íad, as é sin ġráḋuiġeas misi: agus giḋ be ġráḋuiġeas mise gráiḋéoċaiḋ Maṫair eisean, agus gráiḋéoċuiḋ misi é, agus foillseoċad mé féin dó.


Ar a naḋḃarsin an tí ċuireas a neaṁṡuin na neiṫesi, ní a nduine atá neaṁṡúim aige, aċd a Ndía, noċ fós tug ḋúinne a Sbiorad náoṁṫa féin.


Uime sin úṁluiġe siḃ féin faói laiṁ ċúṁaċduiġ Dé, ċum ḃur nárduiġe ḋó a nam iomċuḃaiḋ:


Agus do ḃádar ḋá ḟonndameint déug ag balla na caiṫreaċ, agus iontasan anmanna ḋá absdail déug a Nuáin.


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ