Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus ar ḃfreaga Díosa a duḃairt sé, A ċineaḋ míċreidṁeaċ cláon, ga fad fós ḃiás mé eadruiḃ, agus ḟuileongas mé siḃ? Taḃair do ṁác leaċd an so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: A ġlúin ṁíċreidṁeaċ, ċlaon, cá ḟad a ḃéas mé i ḃur measc agus a ċuirfeas mé suas liḃ? Taḃair do ṁac annseo ċugam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé, A ṡlioċt ṁíċreidṁiġ, ċlaoin, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ, agus ḟuilingeoċas mé liḃ? taḃair ċugam do ṁac.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt ċlaon gan creideaṁ, an fada a ḃeiḋ mé eadraiḃ ag cur suas liḃ? Taḃair anso do ṁac.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:41
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúaluiḋ Elísa óglaċ Dé gur ḃris ríġ Israel a éadaċ, do ċuir sé ċum an ríġ, ġa ráḋ, Cred fár ḃris tú héadaċ? tigeaḋ sé anois ċugamsa, agus biáiḋ a ḟios aige go ḃfuil fáiġ ann Israel.


Agus gan a ḃeiṫ mar a naiṫre, ginealaċ neiṁċeannsuiġ agus easuṁal; ginealaċ naċ díriġionn a ccroiḋe go ceart, agus naċ ḃfuil a spiorad fírinneaċ do Ḋía.


Agus táinig Maóise agus Aáron a steaċ go Ṗárao, agus a duḃradar ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Día na Neaḃruiġeaċ, Gá fad ḃias tú ag díultaḋ ṫú féin dúṁluġaḋ dom laṫairse? léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gá fad ḃeiṫi ag diultaḋ maiṫeantaḋ, agus mo ḋliġṫe do ċoíṁéud?


A Ierusalem, ionnuil do ċroiḋe ó urċoid, ċor go sáorfuiġear ṫú. Cá fad áiteoċuid do smuaintiġṫe díoṁaóine a stiġ ionnad?


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gá fad ḃías an pobalso ag cur feirge oram? agus gá fad naċ ccreidfid mé ar son na nuile coṁarṫaḋa do ṫaisbean mé eatorra?


Gá fad íomċórus mé leis a ndroċṗobalsa, noċ do ní iṫiomraḋ am aġaiḋ? do ċúala mé íṫiomráḋ ċloinne Israel, noċ do níd do ṁunṁur am aġaiḋ.


Tigiḋ ċugamsa, uile a ḃfuiltí tuirseaċ agus fá anúalaċ trom, agus do ḃéaraiḋ mé fúaraḋ ḋáoiḃ.


Aċd ar ḃreagra ḋósan, a dúḃairt sé ríu, Iarruiḋ an geinealaċ olc agus aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋóiḃ, aċd an coṁarṫa úd Iónas an ḟaiḋ:


Imṫiġiḋ sé an tansin, agus do ḃeir sé seaċd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeaċ áitriġid síad ann sin: agus is measa críoċ ḋeiġeanaċ an duine úd ná a ṫosaċ. Agus is mar sin teigeaṁas don droiċġeinealaċso.


Iárraiḋ an droiċċineaḋ aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋó, aċd coṁarṫa Iónás an fáiḋ, agus ar ndealuġaḋ ríu, do imṫiġ sé.


Agus ar ḃfreagra Diosa a duḃairt sé, A ċineaḋ dóṫeaguisg gan ċreideaṁ, gá fad fós ḃías mé ḃur ḃfoċair? gá fad fos ḟuiléongas mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa ann so é.


Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go dtiocfuid na neiṫesi uile ar an dínesi.


Agus an tan do ċunnairc sé mórán do Ṗáirisíneaċaiḃ agus do na Sadúiseaċaiḃ ag teaċd do ċum a ḃaisdiġ féin, a dúḃairt sé ríu, A ṡíol na naiṫreaċ neiṁe, cía do ḟoillsiġ ḋáoiḃ teiṫeaṁ ón ḟeirg atá ag teaċd?


Aċd an tan do ċonnairc Iósa sin, do ḃí míċéudfaiḋ aige orrṫá, agus a duḃairt sé ríu, Leigiḋ do na leanbaiḃ teaċd ċugamsa, agus na toirmeasgaiḋ íad: óir is lé na leiṫéidiḃ súd flaiṫeas Dé.


Agus ar seasaṁ Díosa, a duḃairt sé, eisean do ġairm ċuige. Agus do ġoireadarsan an dall, dá ráḋ ris, Bíoḋ dóċas maiṫ agad, éiriġ; a tá sé dod ġairm.


Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, A ċíneaḋ gan ċreideaṁ, gá fad ḃias mé eadruiḃ? agus gá fad fós ḟuiléongus mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa é.


Agus a duḃairt sé ríu, Cáit an a ḃfuil ḃar gcreideaṁ? agus ar mbeiṫ le heagla ḋóiḃsion do ġaḃ iongnaḋ íad, ag ráḋ ré ċéile, Cia be so! a deir ris na gáoṫaiḃ agus ris a nuisge fós ḃeiṫ na dtoċd, agus úṁluiġid síad dó.


Agus diárr mé ar do ḋeiscioblaiḃsi a ċur as; aċd níor ḟéadadar.


Agus ad teaċd ċuige ḋó, do ḃúail an deaṁan síos é, agus do ṫarruing sé as a ċeile é. Aċd do imḋearg Iósa an spiorad neaṁglan, agus do leiġis sé an leanaḃ, agus ṫug sé ḋá aṫair fein é.


A duḃairt Iósa ris, An ḃfuilim a nfasda ḋaimsir ḃur ḃfoċair, agus naċ aiṫniḋ ḋuit mé, a Ṗilib? giḋ bé ċunnairc Misi, do ċunnairc sé an Taṫair, agus cionnas a deir tusa, Taisbén duinn an Taṫair?


Na ḋiaiġ sin a duḃairt sé ré Tomás, Cuir do ṁéur ann so, agus féuċ mo láṁa; agus taḃair do láṁ leaċd, agus cuir ann mo ṫáoḃ í: agus na bí míċreidṁeaċ, aċd créidṁeaċ.


Agus a dtimċeall aimsire ḋá ḟiċead bliaḋan do ḟulaing sé a mbéasa sa ḃfásaċ.


Agus do ġuiḋ sé agus do ṫeaguisg sé íad ré morán eile do ḃríaṫruiḃ, ag ráḋ, Coiṁéaduiḋ siḃ féin on droċġeinealaċsa.


Nó an dtarcuisniḋeann tú saiḋḃreas a ṁaiṫeasa agus a ḟoiġide agus foide a ḟulaing; gan a ḟios agad go dtréoruiġeann maiṫeas Dé ṫú ċum aiṫriġe?


Do ṫrúailleadar íad féin, a ttoiḃéim ní hé toiḃéim a ċloinnesion: atáid na gcineaḋ ṁíoċoinġíollaċ agus Cam.


Agus do ċímid nar ḃféidir ríu dul a steaċ tré ṁíċreideaṁ.


Uime sin déunam díṫċioll ré ḋul a steaċ sa tsuáiṁnios sin, deagla éunnduine ṫuitim sa neisiompláir ċéudna easúṁlaċda.


Oír do seanmóruiġeaḋ an soisgéul dúinne, aṁuil do rinne ḋóiḃsion mar an gcéudna: giḋeaḋ ní ḋeaċuiḋ an ḃríaṫar do ċúaladar a dtarḃa ḋóiḃ, do ḃríġ náċ raiḃ sí ar na cumusg ré creideaṁ sa druing do ċúaluiḋ í.


Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ