Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus, féuċ, do éiġ neaċ don tslúaġ, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, iárruim ort, feuċ ar mo ṁac: oír a sé méinġein é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus féaċ, scairt fear as an tsluaġ, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, guiḋim ṫú, dearc ar mo ṁac, óir ní ḟuil agam aċt é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus féaċ, fear de’n tsluaġ do ġlaoḋ amaċ, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, impiḋim ort, féaċ ar mo ṁac; óir is é m’aon ṁac é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus féaċ, do laḃair duine de’n tsluaġ amaċ agus duḃairt sé: A Máiġistir, guiḋim ṫú, féaċ ar mo ṁac, mar ní’l agam aċ é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:38
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃramairne rem ṫiġearna, Atá aṫair aguinn, seanduine, agus leanaṁ rugaḋ ḋó na aois ḟoirfe, leanaṁ beag; agus fuair a ḋearḃraṫair bás, agus do fágḃaḋ é, féin na áonar óna ṁaṫair, agus atá gráḋ agá aṫair air.


¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.


Agus, féuċ, ṫáinic bean do Ċánaan ó na crióċaiḃ sin, agus do éiġ si, ag ráḋ ris, Déana trócaire oram, a Ṫiġearna, a ṁic Daiḃí; a tá ṁinġean ar na búaiḋreaḋ go mór ó ḋeaṁan.


Agus an tan ṫáinig sé a ngar do ḋoras na caiṫreaċ, féuċ, do ḃí duine marḃ agá ḃreiṫ amaċ, do ḃí na áon ṁac agá ṁáṫair, agus í na baintreaḃaiġ; agus do ḃí coiṁṫionól mór ón ċaṫruiġ na foċair.


Agus tárla, an lá na ḋiáiġsin, ar ndul síos don tslíaḃ ḋóiḃ, do dtárla slúaġ mór airsion.


Agus, féuċ, beiríḋ an spiorad air, agus éiṁiġ sé go hobann; agus tairrngiḋ sé as a ċeile é ag cur cuḃair amaċ, agus is ar éigin ḟágfas sé é tar éis a ċoṁmbrúġaḋ.


An tan do ċúaluiḋ sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaiġe don Ġalilé, do ċuáiḋ sé amaċ ċuige, agus díarr sé air dul síos, agus a ṁac do ṡlánuġaḋ: óir do ḃí sé ré huċd ḃáis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ