Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus tárlá, agá ḟagḃáil doiḃ, go nduḃairt Peadar ré Híosa, A Ṁaiġisdir, is maiṫ sinne do ḃeiṫ ann so: agus déanam trí boṫa; boṫ ḋuitsi, agus boṫ do Ṁáoisi, agus boṫ Ḋelías: gan fios aige créd a duḃairt sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Agus ṫárla, nuair a ḃí siad ag imṫeaċt uaiḋ, duḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ dúinn a ḃeiṫ annseo; déanamaois trí boṫa, ceann duit-se, agus ceann do Ṁaoise, agus ceann do Elías, óir ní raiḃ a ḟios aige cad é ḃí dá ráḋ aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus ṫarla, nuair do ḃíodar‐san ag imṫeaċt uaiḋ go nduḃairt Peadar le h‐Íosa, A Ṁáiġistir, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: déanaimís trí boṫa; boṫ ḋuit‐se, agus boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias: agus gan a ḟios aige créad do ḃí aige d’á ráḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus do ṫárla, nuair a ḃíodar ag imṫeaċt uaiḋ, go nduḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a ḟios aige cad a ḃí aige ḋ’á ráḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:33
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aóinní aṁáin daṫċuingiḋ mé air an TTIĠEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo ċoṁnuiġe a ttiġ an TIĠEARNA air feáḋ láeṫe mo ṡáoġail, dféuċuin air scéiṁ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ go moċ iona ṫeampall.


Aċt ís maiṫ ḋaṁsa druidean ré Día: atá mo ḋóiġ annsa TTIĠEARNA Día, go ḃfoillsiġe mé hoibreaċa uile.


Agus an tan tangadar a gceann an ċoimṫionóil, do ċuáiḋ neaċ airiġe ċuige, ag slénċduin ar a ġlúiniḃ ḋó, agus ag ráḋ,


Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar, a duḃairt sé ré Híosa, A Ṫiġearna, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ ann so: mas áil leaċd, déanam trí boṫa ann so; boṫ ḋuitsi, boṫ so Ṁáoisi, agus boṫ Delías.


Aċd a duḃairt Iósa ríu, Ní fios dáoiḃ créd íarṫáoi. A néidir liḃ an cupán iḃimsi dól? Agus ḃur mbaisdeaḋ leis an mbaisdeaḋ lé a mbaisdear misi?


Agus ar ḃfreagra do Ṡímon a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, do ṫuirrsiġeamar sinn féin feaḋ na hoiḋċe uile, agus níor ġaḃamair éin ní: aċd ċeana ar do ḃreiṫir se cuirfe mé síos an líon.


Agus an tan a duḃairt sé só, táinic néull, agus do ṫeilg sé agáile orrṫa: agus do ġaḃ eagla iásdsan an tan do ċuádar ann sa néull.


Agus ar ḃfreagra Déoin a duḃairt sé, A Ṁaiġisdir, do ċunncamairne duine áiriġe ag teilgean deaṁan a maċ ad ainmsi; agus do ṫoirmeasgamar é, ar son naċ leananu sé ḋínne.


A duḃairt Ṗilib ris, A Ṫiġearna, taisbén an Taṫair ḋúinn, agus is lór linn é.


Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ