Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus tárla a dtimċeall oċd lá tar éis na mbriaṫarsa, ar mbeiṫ Ṗeadair agus Eóin agus Ṡéamuis leis, go ndeaċaiḋ sé súas ar ṡlíaḃ do ḋéanaḋ urnuiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus ṫárla tuairim agus oċt lá i ndiaiḋ na mbriaṫar sin, gur ġaḃ sé ċuige Peadar agus Séamus agus Eoin, agus ċuaiḋ sé suas ar an tsliaḃ a ḋéanaṁ urnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus ṫarla, timċeall oċt lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeaċaiḋ sé suas ar ṡléiḃ ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus do ṫárla, tímpal oċt lá tar éis na cainte sin, gur ṫóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaġaiḋ sé suas ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:28
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar son mo ġráḋa atáid na neascáirde agam: agus misi ag urnaiġ.


Agus an tan do léig sé an pubal úaḋ, do ċúaiḋ sé súas air ṡlíaḃ ná áonar do ḋéanaṁ urnuiġṫe: agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, do ḃí se an sin ná áonar.


Agus an tan ċunnairc an slúaġ, do ċuáiḋ sé súas ar ṡliaḃ: agus ar suiġe ḋó tangadar a ḋeisgiobuil ċuige:


Agus ar maidin, go roṁoċ ar néirġe ḋó a ndeireaḋ na hoiḋċe, do ċúaiḋ sé amaċ, agus do imṫiġ sé go háit ḟásaṁuil, agus do rinne sé urnuiġṫe ann sin.


Agus an tan do ċuir sé úaḋ íad, do ċúaiḋ sé ar ṡlíaḃ do ḋéanaṁ urnuiġṫe.


Agus tárla, an tan do baisdeaḋ an pobal uile, agus do ḃí Iósa agá ḃalsdeaḋ, agus ag déanaṁ úrnaiġṫe, gur bosglaḋ neaṁ,


Aċd do ċúaiḋ seisean fá leiṫ ar an ḃfasaċ, agus do rinne sé urnuiġe.


Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ seisean amaċ ar ṡlíaḃ do ḋéunaṁ úrnaiġe, agus do ċaiṫ sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.


Agus ar ndul a sdeaċ don tiġ ḋó, níor ḟuiling sé neaċ ar biṫ do ḋul a sdeaċ, aċd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus aṫair agus maṫair an ċailín.


Agus tárla, an tan do ḃí sé na áonar ag déanaṁ urnuiġe, go rabbadar a ḋeisciobuil na ḟoċair: agus gur ḟíafruiḋ sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Créd a deir an slúaġ cía misi?


Agus do ċúaiḋ Iósa suás ar ṡlíaḃ, agus do ṡuiḋ sé ann sin maille ré na ḋeisciobluiḃ.


Ag so an treas uáir ḋaṁ ag teaċd ċuguiḃ. A mbéul ḋeisi no trír fínné biáiḋ gaċ uile ḃríaṫar ar bun.


Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:


Oír ní ag leanṁuin do sgéultuiḃ ealaḋanta fáḃuill do ḃámar, an tan do ḟoillsiġeamar ḋíḃse cúṁaċda agus teaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd, aċd do ċonncamar ré ar súliḃ féin a ṁórġaċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ