Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 9:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus an tan, do aiṫin an pubal sin, do leanadar é: agus ar na ngaḃáil ċuige ḋó, do laḃair sé ria a dtimċeall rioġaċda Dé, agus do ṡlánaiġ sé an ċuid díoḃ ar a raiḃ úireasḃuide leigbis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus nuair a ḃí a ḟios sin ag na sluaiġte, lean siad é; agus ġaḃ sé ċuige iad, agus laḃair sé leo ar ríoġaċt Dé, agus leiġeas sé iad sin a raiḃ leiġeas do ḋíṫ orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Aċt ar n‐a ḟeicsin sin do’n sluaġ, do leanadar é: agus d’ḟáiltiġ sé rómpa, agus do laḃair sé leo i dtaoḃ ríoġaċta Dé, agus do leiġeas sé iad‐san ag a raiḃ gáḃaḋ leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus nuair a fuair na sluaiġte amaċ an méid sin do leanadar é; agus do ġlac sé iad, agus ḃí sé ag caint leó i dtaoḃ ríġeaċta Dé, agus na daoine a ḃíoḋ i ngáḋ le leiġeas do leiġiseaḋ sé iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 9:11
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ata Spiorad an Tiġearna DIA orumsa; do ḃríġ gur ung an TIĠEARNA mé do ṡeanmóir sgéula maiṫe do na ceannsuiġiḃ; do ċuir sé mé do ċeangal súas na ccroiḋṫe mbriste, dfúagra saóirse do na braiġdiḃ, agus oscuilte an ṗríusúin don druing atá ceangailte;


Agus an tan do aiṫin Iósa so, do imṫiġ sé as sin: agus do lean slúaġ mór é, agus do ṡlánaiġ sé íad uile;


Agus ar ndul a maċ Diosa, do ċonnairc sé coiṁṫionól mór, agus do gaḃ trúaiġe ṁór ḋóiḃ é, agus do ṡlánaiġ sé na dáoine easlána.


Cía don dísse do rinne toil a aṫar? A deiridsean ris, An céadḟear. A deir Iósa ríusan, A deirimse riḃ go fírrinneaċ, Go dtéid na publicáin agus na sdríopaċa roṁaiḃsi go flaiṫeas Dé.


Ar a naḋḃarsin a deirim riḃ, Go dtoigéoḃṫar rioġaċd Dé úaiḃsi, agus go dtioḃarṫar í so ċineaḋ ḃéara toraḋ úaṫa.


Do líon sé na dáoine ocraċa lé, neiṫiḃ maiṫe; agus do ċuir sé úaḋ na dáoine saiḋḃre foluṁ.


Agus ag freagra a duḃairt Iósa ríu, Ní ḃfuil ríaċdanus leáġa ar na dáoiniḃ slána; aċd ar na dáoiniḃ tinne.


Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,


Agus a duḃairt seisean, Is dáoiḃsi tugaḋ rúndiaṁra rioġaċda Dé daiṫniuġaḋ: aċd do ċáċ eile a ccosaṁlaċduiḃ; ionnus ag faicsin dóiḃ naċ ḃfaicdís, agus ag cluinsin dóiḃ naċ dtuigfidís.


Aċd ar ḃfilleaḋ do na habsdalniḃ, dinnseadar ḋósan gaċ ní ḋá ndearnadar. Agus ar na mbreiṫ leis do, do ċuáiḋ sé fá Leiṫ ar ḟásaċ na ciaṫreaċa dá ngoirṫear Betsáida.


Agus do ḃí an lá ag dol ṫárrsa, agus trangadar an dá ḟear ḋég ċuigesion, agus a duḃradar ris, Léiġ uáit an slúaġ, ionnus go numéoċaidis fa na bailtiḃ agus fan tír do leaṫnuġaḋ, agus go ccoṁnuiḋid, agus dfaiġáil bíḋ: óir a tamáoid ann so a náit ḟásaṁuil.


Agus do ċuir sé iád do ṡeanmoír ríoġaċda De, agus do leiġeas na ndáoine easlán.


A duḃairt Iósa ríu, As é mó ḃíaḋsa toil an té do ċuir úaḋ mé do ḋéunaṁ, agus a obair do ċríoċnuġaḋ.


Gaċ ní ḃeir an Taṫair ḋaṁ tiocfaiḋ sé ċugam; agus an té ṫig ċugam ní ṫeilgfe mé amaċ é.


Ag seanmóruġaḋ rioġaċda Dé, agus ag teasgusg na neiṫeann ḃeanus ris an Dtiġearna Iósa Críosd, maille ré gaċ uile ċumus laḃarṫa, gan toirmeasg.


Aċd cionnas ġuiḋfid síad an té ann nar ċreideadar? agus cionnas ċreidfid síad ann sa té naċ ccúaladar teaċd ṫairis? Agus cionnas ċluinfid síad gan seanmóntuiġ?


Uime sin is tré éisdeaċd ṫig an creideaṁ, agus an téisdeaċd tré ḃréiṫir Dé.


Oír ní hí a ṫoil féin do rinne Críosd; aċd, do réir mar atá sgríoḃṫa, Do luiḋ imḋeargaḋ na druinge do imḋearg ṫusa oramsa.


Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal.


Ar a naḋḃarsin déunam maill ré doṫċas go hárdċaṫáoir na ngrás, ċum trócaire do ġnoḋúġaḋ, agus ġrás dfaġáil dúinn ċum furtaċda a nám ríaċdanais.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ