Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ṫuit cuid eile a dtalaṁ ṁaiṫ, agus an tan do ḟás sé, tug sé toraḋ céadaċ úaḋ. Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiġ sé, Giḋ be agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ṫuit tuillead de ar an talaṁ ṁaiṫ, agus ar ḟás dó, ṫug sé toraḋ fá ċéad. Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aiġe, scairt sé go h-árd: An té a ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air, éisteaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ṫuit cuid eile ar an talaṁ maiṫ, agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, fá ċéad. Nuair aduḃairt sé an méid sin, do ġlaoḋ sé amaċ, An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do ṫuit tuille de sa talaṁ fóġanta agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ fó ċéad. Nuair a duḃairt sé an méid sin do laḃair sé árd: An t-é go ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air cloiseaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:8
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ṡíolċuir Isaac ann sa dúṫaiḋ sin, agus fuair san ḃlíaḋain ċéadna céad oiread: agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA é:


Isé an TIĠEARNA do rinne aráon, an ċluas ċluinteaċ, agus an tsúil ḟaicsionaċ.


Naċ éiġionn a neagna? agus naċ ccurionn an tuigsi a guṫ amaċ?


¶ Eístiġsi, agus tugaiḋ clúas; ná bíṫí uáiḃreaċ: óir do laḃair an TIĠEARNA.


Agus do ċuir an TIĠEARNA ċugaiḃ a uile ṡeirḃísiġ na fáiġe, ag éirġe go moċ agus dá ccur úaḋ; aċt níor éisteaḃairse, ní mó do ċláonaḃair ḃur cclúas do ċluinsion.


Gioḋ bé agá ḃfuil clúasa ċum éisdeaċda, eisdeaḋ sé.


Agus an té úd ann ar cuireaḋ an síol a ḃfearann maiṫ a sé so an té do ċluin, agus ṫuigeas an ḃríaṫar; agus iomċras toraḋ, agus do ḃeir, cuid céud uiread, cuid trí fiċid, agus cuid eile a deiċ fiċead.


Agus is íad so an dream an ar cuireaḋ an síol ann sa talaṁ maiṫ, noċa éisdeas, agus ġaḃus ċuca an ḃríaṫar, agus do ḃeir toraḋ úaṫa, áon a deiċ fiċead, áon trí fiċid, agus áon eile céud.


Giḋ bé neaċ agá ḃfuilíd clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe a dtalaṁ ṁaiṫ, agus tug sé toraḋ úaḋ déiriġ súas agus dfás; agus tug ḋe, cuid a deiċ fiċead, agus cuid trí fiċid, agus cuid eile céud:


Giḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.


Ní ḃfuil féidim air ċum na talṁon, ná ċum a naóiliġ; teilid daoine amaċ é. Giḋ bé agá ḃfuilid clusa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.


Aċd an ní do ṫuit ann sa talaṁ ṁaiṫ, a síad súd éisdeas ris an mbreiṫir, agus ċungṁas é a gcroiḋe ṡocraiḋ ṁaiṫ, agus do ḃeirid toraḋ úaṫa a ḃfoiġid.


Agus do ṫuit cuid eile a measg deilguiġ; agus ar ḃfas don deilgneaċ a náoinḟeaċd ris, do ṫaċdadar é.


Oír as sinne a obairsion, air a gcrúṫuġaḋ a Níosa Críosd ċum déaġoibriġeaḋ, noċ do ullṁuiġ Día roiṁ láiṁ, ċum sinne do ṡiuḃal ionnta.


Ionnus go siúḃalfaḋ siḃ mar as cuḃaiḋ don Tíġearna maille ré sa ṫoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ, ag taḃairt toruiḋ uáiḃ sa nuile ḋeaġobair, agus ag fás a néolas Dé;


Giḋ bé agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an spiorud ris na heagluisiḋiḃ; An tí ḃeireas buáiḋ ní ḃfuiġe sé doċar ón dara bás.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.


A tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋiḃ.


An tí agá ḃfuil cluas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ