Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do ṫuit cuid eile a measg deilguiġ; agus ar ḃfas don deilgneaċ a náoinḟeaċd ris, do ṫaċdadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ṫuit tuilleaḋ de fríd na dreasógaí agus d’ḟás na dreasógaí suas i n-aoinḟeaċt leis gur ṁúċ siad é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do ṫuit cuid eile ḋe i measc an drisliġ; agus d’ḟás an drisleaċ i n‐éinḟeaċt leis, agus do ṫaċt sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do ṫuit tuille ḋe ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa i n-aonḟeaċt leis, agus ṁúċadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:7
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Droiġneaċ fós agus foġḃannáin do ḃéura sé ḋuit; agus íosa tú luiḃ na talṁan;


¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA ré fearuiḃ Iúdah agus Ierusalem, Brisiġ súas ḃur ḃfearann branair, agus ná siolċuiriḋ a measg ḋosan.


Agus an neaċ úd ann ar cuireaḋ an síol a measg an ṁuiniġ ag so an té do ċluin an ḃríaṫar; agus múċaiḋ róċuram an tsaoġailsi, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris an ḃríaṫar, agus bí sé gan toraḋ.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidi ṁuineaċ; agus do éirġe an muineaċ súas, agus do ṁuċ sé é:


Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidir ṁuineaċ, agus deirġeadar an muineaċ súas, agus do ṫaċdadar é, agus ní ṫug sé toraḋ úaḋ.


Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.


Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.


Agus do ṫuit cuid eile ar ċarraic; agus ar ḃás dó, do ṡearg sé, do ḃríġ naċ raiḃ taisleaċ aige.


Agus do ṫuit cuid eile a dtalaṁ ṁaiṫ, agus an tan do ḟás sé, tug sé toraḋ céadaċ úaḋ. Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiġ sé, Giḋ be agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ