Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:50 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

50 Agus ar na ċluinsin so Díosa, do ḟreagair sé é, ag ráḋ, Na bíoḋ eagla ort: créid aṁain, agus sláineóċṫar í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

50 Agus nuair a ċuala Íosa an focal sin duḃairt sé le h-aṫair an ċailín: Ná bíoḋ eagla ort; creid aṁáin, agus béiḋ sí slán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 Aċt, ar n‐a ċlos sin d’Íosa, d’ḟreagair sé é, Ná bíoḋ eagla ort: creid aṁáin, agus slánóċar í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Agus d’airiġ Íosa an focal agus duḃairt sé le h-aṫair an ċailín: Ná bíoḋ eagal ort: creid aṁáin, agus beiḋ sí slán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:50
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Cía atá ḃur measg air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, uṁluiġios do ġuṫ a ṡeirḃísiġ, ṡiuḃluiġios a ndorċadus, agus ag naċ ḃfuil solus ar biṫ? cuireaḋ sé a ḋóiġ a nainm an TIĠEARNA, agus seasaḋ sé ar Ḋía.


Agus mar do ċúalaiḋ Iósa an coṁráḋ so a uḃraḋ, a duḃairt sé ré húaċdarán na síonagóge, Na bíoḋ eagla ort, creid a ṁáin.


Aċd a duḃairt Iósa ris, Más eidir leaċd so do ċreideaṁuin, a tá gaċ én ní soiḋéanta don té ċreidios.


Agus a duḃairt seisean ría, Bíoḋ mainiġin ṁaiṫ agad, a inġean: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú; imṫiġ roṁad a sióṫċáin.


Agus ar ndul a sdeaċ don tiġ ḋó, níor ḟuiling sé neaċ ar biṫ do ḋul a sdeaċ, aċd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus aṫair agus maṫair an ċailín.


A duḃáirt Iósa ría, Is misi a neiséirġe, agus an ḃeaṫa: giḋ be ċreideas ionnam, dá mbeiṫ go mbiaḋ sé tár éis ḃáis, mairfiḋ sé:


A duḃairt Iósa ría, Naċ duḃairt mé riot, má ċreideann tú, go ḃfaicfe tú glóir Dé?


(Mar atá sgríoḃṫa, Do órduiġ mé ṫú ad aṫair do ċineaḋaċuiḃ iomḋa,) a ḃfíaḋnuisi Dé, dar ċreid sé, noċ a ḃéoḋuiġeas na mairḃ, agus ġoireas na neiṫe naċ ḃfuil aṁail as do ḃeidis ann.


Agus níor ċuir se cunntaḃairt a ngeallaḋ Dé lé míċreideaṁ; aċd do neartuiġeaḋ é a gcreideaṁ, ar dtaḃairt ġlóire do Ḋía;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ