Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:45 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Agus a duḃairt Iósa, Cía so do ḃean rium? Agus ar na ṡéana do ċáċ uile, a duḃairt Peadar agus an dream do ḃí na ḟarraiḋ, A Ṁaiġisdir, atá an slúaġ ad ḃruġaḋ agus ad ṗluċaḋ, agus a nabair tú, Cía ḃean rium?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Agus duḃairt Íosa: Cé h-é ḃain liom? Agus nuair a ḃí siad uilig ġá ṡéanaḋ, duḃairt Peadar agus an méid a ḃí leis: A Ṁáiġistir, tá na sluaiġte do ḃrúġaḋ agus do ċiapaḋ, agus an aḃair tú: Cé ḃain liom?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Agus aduḃairt Íosa, Cia h‐é do ḃain liom? Agus nuair ṡéan gaċ uile ḋuine é, aduḃairt Peadar agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, A Ṁáiġistir, atá na sluaiġte ag teannaḋ umat agus ag brúġaḋ ort.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Agus duḃairt Íosa: Cé h-é a ṫeangḃaiḋ liom? Agus do ṡéan gaċ aoinne, agus duḃairt Peadar agus an ṁuintir a ḃí i n’ḟoċair: A Máiġistir, tá an tsluaġ ag brúṫ ort agus at’ ċiapaḋ, agus a’ ndeirir, Cé h-é a ṫeangḃaiḋ liom?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:45
5 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír tiocfuid láeṫe ort, ann a dteilgfid do naiṁde diog ad ṫimċeall, agus iona dtimċiollfaid, agus iona gcuiḃreoċaid ṫú gaċ éantáoḃ.


Agus ar ḃfreagra do Ṡímon a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, do ṫuirrsiġeamar sinn féin feaḋ na hoiḋċe uile, agus níor ġaḃamair éin ní: aċd ċeana ar do ḃreiṫir se cuirfe mé síos an líon.


Do ċúaiḋ sí táoḃ ṡíar ḋeision, agus do ċumail sí ré himeal a ḃruit: agus do sguir a dórtaḋ fola ar an mball.


Aċd a duḃairt seision riú, Taḃruiḋsi ní lé na iṫe ḋóiḃ. Agus a duḃradarsan, Ní ḃfuil ní is mó aguinn ná cúig aráin agus dá iásg, aċd mona dteímis do ċeannaċ biḋ don ṗobal so nile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ