Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:44 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Do ċúaiḋ sí táoḃ ṡíar ḋeision, agus do ċumail sí ré himeal a ḃruit: agus do sguir a dórtaḋ fola ar an mball.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Ṫáinic sí taoḃ ṫiar agus ḃain sí le feaiṫim a éidiḋ, agus ar an ḃomaite stad a cur fola.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 ṫáinig sí taoḃ ṫiar de, agus do ċuir sí a lám ar ḟaḃra a ḃrait: agus ar an láṫair do cuireaḋ stad leis an sruṫ fola.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus ṫainig sí ċuige, lastiar dé, agus ċuir sí a láṁ ar ḟaḃra a ḃrait, agus do stad an ḟuil láiṫreaċ bonn aici.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:44
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt, Má eísteann tú go dúṫraċdaċ re guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, agus do ndéana tú an ní is ceart na raḋarc, agus go ttiuḃra tú aire dá aiṫeantuiḃ, agus go gcuiṁdeoċa tú a reaċda uile, ni ċuirfe me énni dona heasláintiḃsi oruiḃ noċ ṫug mé ar na Hégiptiḃ: óir is misi an TIĠEARNA leiġisios tú.


¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.


Agus do ġaḃ trúaiġe Iósa ḋóiḃ, agus do ḃean sé ré na súiliḃ: agus taínic raḋarc da súiliḃ ar an mball, agus do leanadar eisean.


Agus ar síneaḋ a láiṁe, do ḃean Iósa ris, ag ráḋ, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do ḃí a loḃraḋ ar na ġlanaḋ.


(Agus, féuċ, ṫáinic bean, ar a raiḃ dórtaḋ fola le ḋá ḃliáḋain déag, táoḃ ṡiar ḋe, agus do ċumail sí lé imeal a éudaiġ:


Agus giḋ bé bailte, nó caiṫreaċa, no dúṫaiġ, an a ndeaċuiḋ sé a sdeaċ, do ċuirdís na dáoine tinne ar na sráidiḃ, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduiġ a ṁáin: agus an ṁéid do ċumail ris fúaradar a slainte.


Agus do ċuir se a láṁa uirre: agus do rinneaḋ díreaċ ar ball í, agus tug sí glóir do Ḋía.


Agus ar seasaṁ agá ċosuiḃ don táoḃ ṡiar ḋe ag gul, do ṫionnsgain sí a ċosa dionnlaḋ lé na déuruiḃ, agus a dtiurmuġaḋ lé gruáig a cinn, agus do ṗóg sí a ċosa, agus do ong sí leis an ola íad.


Agus bean do ḃí a ḃflucsa fola dá ḃliaḋuin dég, agus do ċaiṫ a raiḃ aice le leaġaiḃ, agus nar béidir le héinneaċ a leiġeas,


Agus a duḃairt Iósa, Cía so do ḃean rium? Agus ar na ṡéana do ċáċ uile, a duḃairt Peadar agus an dream do ḃí na ḟarraiḋ, A Ṁaiġisdir, atá an slúaġ ad ḃruġaḋ agus ad ṗluċaḋ, agus a nabair tú, Cía ḃean rium?


Aċd ní raiḃ a ḟios ag an té do ṡlánuġaḋ cía hé: óir do ċuáiḋ Iósa a leaṫtáoiḃ, air mbeiṫ do ṁórán ann sa náitsin.


A gcrúṫ go mbeirṫí ó na ċorp éudaiġe láṁ nó cinn ċum na ndáoine tinn, agus go sgaraḋ a neasláinte ríu, agus go nimṫiġdis droċspioruide asda.


Ionnus go nioṁċraidís amaċ fá na sráidiḃ na daoine éugcruáiḋe, agus go gcuirdís ar peapaċuiḃ íad, ionnus ag teaċd do Ṗeadar go gcuirfeaḋ a sgáile aṁáin sgáile ar neaċ éigin díoḃ.


¶ Do ḋéana tú ḋuit faḃra ar ċeiṫre ċeaṫraṁnuiḃ do ċulaiḋ, le ḃfoileoċa tú ṫú féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ