Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Agus diárradar luċd ċríċe na Ngadarenaċ uile airsion imṫeaċd úaṫa; oír do ḃí eagla ro ṁór orrṫa: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Agus d’iarr luċt ċeanntar na nGeraisíní go léir air imṫeaċt uaṫa, óir ġaḃ eagla an-ṁór iad. Agus ag dul isteaċ san luing dó-san ṗill sé ṫar ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus muinntear críċe na nGerasénaċ ṫart timċeall, d’iarr siad air imṫeaċt uaṫa; óir ba ṁór an eagla do ḃí orṫa: agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus d’ḟill sé ar ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus d’iarr pobul na nGerasénaċ go léir air imṫeaċt uaṫa, mar ḃí eagla ana-ṁór orṫa. Agus ċuaiḋ sé an bórd na luinge agus ṫáinig sé ṫar n-ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:37
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sisi ré Hélias, Cred é ḋaṁsa riotsa, a óglaiċ Dé? an ttáinic tú ċugam do ġairm mo ṗeacaḋ ċum mo ċuiṁne, agus do ṁarḃaḋ mo ṁic?


Agus, Féuċ, do ċúaiḋ an ċaṫair uile a maċ do ṫeagṁáil air Iósa: agus an tan do ċunncadar é, do iarradar air imṫeaċd as a ttórannaiḃ.


Agus do ṫionnsgnadarsan íarruiġ airsion imṫeaċd as a dteórannuiḃ féín.


Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion.


Agus an tan do ċonnairc Símon Peadar so, do ṡléuċd sé ag giúiniḃ Iósa, ag ráḋ, Imṫiġ úaim a Ṫiġearna; óir is duine peacṫaċ mé.


Agus ag faicsin Iósa ḋó, agus ag éiġṁe, do ṫeilg sé é féin siós aga ċosaiḃ, agus a duḃairt sé do ġuṫ ard, Créd é mo ċuidsi ḋiót, a Iósa, a Ṁic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo ṗiánaḋ.


Agus an dream do ḃí ḋá ḟéaċain dinnsiġeadar ḋóibsion cionnas do slánaiġeaḋ an tí iona raḃadar na deaṁuin.


Agus díarr an fear as a ndeaċadar na deaṁuin air, é fein do ḃeiṫ na ḟoċair: aċd léig Iósa úaḋ é, ag ráḋ,


Agus giḋ bé naċ géuḃuiḋ ċuca siḃ, ar ḃfagḃáil na caiṫreaċasin dáoiḃ, craiṫiḋ fós an lúaṫbreaċán dá ḃur gcosniḃ mar ḟíaḋnuisi na naġaiḋ.


Oír ní ṫaínic Mac an duine do sgríos anmann na ndáoine, aċd dá slánuġaḋ. Agus do ċúadar as sin go ḃaile eile.


Agus ar dteaċd dóiḃ do ċuireadar impiḋe orrṫa, agus ar na dtaḃuirt amaċ, do guiḋeadar íad fá imṫeaċd amaċ as an gcaṫruiḋ.


Annois ar a naḋḃarsin cread fá ḃfuiġimisne bás? óir loiscfiḋ an teine ṁórsa sinn: má ċluinmíd guṫ an TIĠEARNA ar Ndía ní is mó, annsin do ġeaḃam bás.


Agus a duḃradar muinntir Ḃetsemes, Cía ḟéadas seasaṁ á laṫair an TIĠEARNA náomṫasa Día? agus cía ċum a raċaiḋ sé súas úainne?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ