Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus ar ndul do na deaṁnuiḃ as an duine, do ċúadar ann sna mucaiḃ: agus do riṫ an tréd muc ris a nail ann sa loċ, agus do múċaḋ iád.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Ar an aḋḃar sin ṫáinic na deaṁam amaċ as an duine, agus ċuaiḋ siad isteaċ ins na muca, agus d’imṫiġ an tréad de ruaṫar ar ṁullaċ a gcinn, isteaċ san loċ, agus plúċaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus ṫug sé an cead dóiḃ. Agus ṫáinig na deaṁain amaċ as an duine, agus do ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ: agus do riṫ an tréad de ruaṫar le fánaiḋ síos isteaċ sa ḃfairrge, agus do báḋaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Ansan d’imṫiġ na deaṁain as an nduine agus ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ, agus do ġluais an tréad, le buile, ar ṁullaċ a gcinn isteaċ sa loċ agus do báṫaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:33
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt seisean ríu, Imṫiġe. Agus ar nimṫeaċd dóiḃ, do ċúadar ann so tréud uile do nail a ndiáiġ a gcinn sa ḃfairge, agus fuáradar bás ann sna huisgiḋiḃ.


Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeaċ ré bréiṫir Dé, gur ṡeas seision láiṁ ré loċ Ġenesaret,


Agus so ḃí tréd mór muc ann sin ag inġilt ar a tslíaḃ: agus diárradar air a léigean doiḃ dul ionnta. Agus dfulaing seísion sin dóiḃ.


Agus an traṫ do ċunncadar a háoḋairiḋe an ní do rinneaḋ an, do ṫeiṫeadar, agus ar nimṫeaċd dóiḃ dinnseador sin ann sa ċatruiġ agus ar na maċairiḃ.


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:


Agus do ḃí rí aca ós a gcionn, aingeal an duḃaigéin, dárob ainm a Neaḃrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm ḋó Apollion.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ