Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus ag faicsin Iósa ḋó, agus ag éiġṁe, do ṫeilg sé é féin siós aga ċosaiḃ, agus a duḃairt sé do ġuṫ ard, Créd é mo ċuidsi ḋiót, a Iósa, a Ṁic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo ṗiánaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus nuair a ċonnaic sé Íosa, ċaiṫ sé é féin roiṁe, agus ag scairtiġ amaċ de ġuṫ árd dó, duḃairt sé: Cad é an ḃaint atá agam-sa agus agat-sa le ċéile, a Íosa, a Ṁic an Dé is áirde? Impiḋim ort gan mé a ṗianaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus nuair do ċonnaic sé Íosa, do ġlaoḋ sé amaċ agus do ṫuit sé ar lár roiṁe, agus aduḃairt sé de ġuṫ árd, Caidé an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ ’n-a láṫair agus do laḃair sé do ġuṫ árd: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic an Árd-Ḋia? Iarraim ort gan mé ṗianaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:28
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsa ló sin smaiċdeoċuiḋ an TIĠEARNA le na ċloiḋeaṁ géur agus mór agus láidir leḃiatan an naiṫir niṁe ṫolltaċ, eaḋon leḃiatan a naiṫir niṁe ċam; agus muirfiḋ sé an dragún atá annsa ḃfairge.


Agus, féuċm do éiṁġeadar, ag ráḋ, Créud é ar gcuídne ḋiót, a Iósa, Ṁic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusaḋne roiṁe a naimsir?


Agus ar ndol a dtír ḋósan, tárla óglaċ áiriġe as an gcaṫruiġ air, ann a raḃadar deaṁuin re haimsir ḟada, agus ag naċ bíoḋ éadaċ uime, agus ní coṁnuiġeaḋ sé a dtiġ, aċd an sna tuámaiḋiḃ.


Oir do aiṫin sé don spiorad neaṁġlan dol as an duine. Oír is iomḋa uáir do ḃeireaḋ sé sioṫaḋ air: agus do ċeangluiḋ le slaḃraiḋiḃ agus do coiṁéaduiḃ le géiṁleaċuiḃ é; agus ar mbriseaḋ na gcuiḃreaċ ḋósan, do ṫiománaḋ an deaṁan fá na fasaiġiḃ e.


Creidiġ tusa go ḃfuil áon Ndía ann; as maiṫ do ní tú sin: creidid na deaṁuin féin mar an gcéudna, agus crioṫnuiġid síad.


Oír munar ċoigil Día na haingil do ṗeacuiḋ, aċd ar na dteilgean síos go hifrionn dó, go dtug íad do ṡlaḃraiḋiḃ an dorċaduis ċum a gcongṁála ris an mbreiṫeaṁnus;


An tí do ní peacaḋ, as ón díaḃal atá sé; óir atá an díaḃal ag déunaṁ peacuiġ ó ṫosaċ. As ċuige so do foillsiġeaḋ Mac Dé, ionnus go sgaóilfeaḋ sé oibreaċa an díaḃail.


Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ