Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus ar ndol a dtír ḋósan, tárla óglaċ áiriġe as an gcaṫruiġ air, ann a raḃadar deaṁuin re haimsir ḟada, agus ag naċ bíoḋ éadaċ uime, agus ní coṁnuiġeaḋ sé a dtiġ, aċd an sna tuámaiḋiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus nuair a ṫáinic sé amaċ ar an talaṁ ṫirim, casaḋ air fear áiriṫe a raiḃ deaṁan ann le fada an lá, agus ní ḃíoḋ aon tuinnte éadaig air, agus ní ḋéanaḋ sé cóṁnaiḋe i dtig, aċt ins na tuambaí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus nuair ṫáinig sé i dtír, do casaḋ air fear áiriṫe as an gcaṫair go raiḃ deaṁain ann; agus naċ raiḃ éadaiġe air ar feaḋ i ḃfad, agus nár ċóṁnuiġ i n‐aon tiġ, aċt aṁáin ins na tuamaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus ċóṁ luaṫ agus ṫánadar i dtír do riṫ ċuige fear n-a raiḃ deaṁan ann ar feaḋ mórán aimsire, agus ní raiḃ éadaċ uime, ná ní ḟanaḋ sé i dtiġ, aċ ins na tuamaíḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:27
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Noċ ḟanas a measg na nuáiġeann, agus áitreaḃas annsna haohla aiḃ, noċ iṫeas feóil ṁuc, agus anḃruiṫe neiṫeann naḋḟúaṫṁar ann a soiġṫiġiḃ;


Agus giḋ bé ḃeanas ris an tí do ṁarḃaḋ le cloiḋeaṁ sná maċairiḋiḃ réiḋ, nó re corp marḃ, no ré ċnáiṁ ḋuine, nó re úaiġe, biaiḋ neaṁġlan seaċd lá.


Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.


Agus tigid síad ċum Iósa, agus do ċíd an té an a raiḃ an deaṁan, agus agá raiḃ an léiġión ann, na ṡuiḋe agus a éudaċ uime, agus a ċíall aige: agus do ġaḃ eagla íad.


Agus do rinneader loingscóraċd go criċ na Ngadarénaċ, atá as coṁair na Galilé a nunn.


Agus ag faicsin Iósa ḋó, agus ag éiġṁe, do ṫeilg sé é féin siós aga ċosaiḃ, agus a duḃairt sé do ġuṫ ard, Créd é mo ċuidsi ḋiót, a Iósa, a Ṁic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo ṗiánaḋ.


Agus fós do ṫeilg a éadaċ ḋe, agus do ṫairġir a laṫair Ṡamuel ar an moḋ gcéadna, agus do luiġ siós noċd uiġ ar feaḋ an láesin agus ar feaḋ na hoiḋċe. Uime sin a deirid síad, An ḃfuíl Saul fós a measc na ḃfáiġeaḋ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ