Lúcas 8:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)24 Agus ar ndol cuigesean dóiḃ, do ḋúisgeadar é, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, a ṁaiġisdir, a támaoid ar fágḃáil. Agus ar neirġe ḋósan do ḃagair sé ar an gaoiṫ agus ar ṫonnġail a nuisge: agus do ċoisgeadar, agus tainic ciuinas ann. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)24 Agus ag dul ċuige dóiḃ, ṁuscarl siad é, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, támuid dár gcailleaḋ. Agus ar éirġe dó-san, ḃagair sé ar an ġaoiṫ agus ar ċonfaḋ an uisce; agus stad siad, agus ṫáinic ciúineas. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)24 Agus ṫángadar ċuige, agus do ḋúisiġéadar é, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, a Ṁáiġistir, atáimíd d’ár mbáḋaḋ. Agus do ḋúisiġ sé, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ agus ar ġargaint na tuinne: agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)24 Agus ṫánadar ċuige agus ḋúisiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, tá an dár againn. Agus d’eiriġ sé agus do laḃair sé leis an ngaoiṫ agus leis na tonnaiḃ uisge, agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Uimesin, a nuáir ṫáinic misi, an raiḃ neaċ ar biṫ? a nuáir do ġoir mé, an raiḃ aoinneaċ do ḟreagoraḋ? Nar giorruiġeaḋ mo láṁ ar áonċor, go naċ ḃféadann fúasglaḋ? nó naċ ḃfuil cuṁaċd ar biṫ sáorṫa agamsa? féuċ, lém aċṁusán tiormuiġim súas a nfairge, do ním na sroṫa na ḃfásaċ: bréanuiḋ a níasc, do ḋíṫ uisge, agus éaguid do ṫart.
Naċ ḃfuil eagla oruiḃ roṁamsa? a deir an TIĠEARNA: naċ ccrioṫnoċuiḋe am laṫairsi, noċ do áitreiḃ an gaineaṁ mar ṫéoruinn do nfairge maille ré hórduġaḋ síoṫḃúan, naċ féidir lé ḋul ṫairis: agus mátá go tiomáinfid a tonna íad féin, giḋeaḋ ní ḃéaruid buáiḋ; mátá go ttonnġáirfid, aċt ċeana ní raċuid ṫairis?