Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus tárla lá áiriġe, go ndeaċaiḋ seisean agus a ḋeisciobuil a luing: agus a dubḃart sé riú, Déanam ar an táoḃ úd a nunn don loċ. Agus do sdiúradar rompa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus ṫárla lá aṁáin go ndeaċaiḋ sé féin agus a ḋeisciobail isteaċ i mbád, agus duḃairt sé leo: Téiġimís anonn trasna an lóċa. Agus ċuaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus ṫarla, lá de na laeṫiḃ sin, go ndeaċaiḋ sé féin agus a ḋeisceabail isteaċ i mbád; agus aduḃairt sé leo, Téiġmís trasna anonn go dtí an taoḃ eile: agus d’imṫiġeadar rómpa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do ṫarla, lá de sna laeṫiḃ sin, go ndeaġaiḋ sé féin agus a ḋeisgiobuil ar bórd luinge, agus duḃairt sé leó: Téiġmís treasna an loċa. Agus ċuadar ar aġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:22
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus air ball do ċuir Iósa dḟiaċaiḃ ar a ḋeisciobluiḃ dul a luing, agus dul roiṁe féin don táoiḃ oile, no go léigeaḋ sé an pubal úaḋ.


Agus an tan do ċunnairc Iósa slúaġ mór na ṫimċeall, do aiṫin sé dul don táoiḃ oile.


Agus an tan do ċúaiḋ Iósa a luing a rís tar ais don táoḃ eile, do ċruinniġ slúaġ mor ċuige: agus do ḃí sé laiṁ ris an ḃfairge.


Agus do ċuir sé ḋfíaċuiḃ ar a ḋeiscióbluiḃ do láṫair dul a luing, agus dul roiṁe don táoiḃ a nunn go Betsaida, nó go léigeaḋ sé féin an slúaġ úaḋ.


Agus ar na ḃfagḃáil dó, ar ndul a luing a rís do ċúaiḋ sé don táoiḃ eile.


Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeaċ ré bréiṫir Dé, gur ṡeas seision láiṁ ré loċ Ġenesaret,


Agus ag luingseóraċd dóiḃ do ṫuit a ċodlaḋ airsean: agus do éiriġ sdoirmġáoiṫe ar an loċ; agus do líonaḋ súas íad, agus do ḃádar a ngáḃaḋ.


Agus ar ndul do na deaṁnuiḃ as an duine, do ċúadar ann sna mucaiḃ: agus do riṫ an tréd muc ris a nail ann sa loċ, agus do múċaḋ iád.


Na ndiáiġ so do ċuáiḋ Iósa tar fairge na Galilé, Ṫibérias.


Agus ar ndul dúinn a luing do longaiḃ Adramitium, do ċuireamar roṁuinn, séolaḋ ré táoḃ ċósdaḋ na Hásia; agus do ṫógḃamar ar séolta, agus do ḃí Aristarcus Macedónaċ ó Ṫessalonica, ann ar gcuideaċda.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ