Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus an dream úd air an gcarruic, noċ an tan do ċluinid, gaḃuid ċuca an briaṫar maille lé gáirdeaċus; aċd ní ḃfuil fréaṁ aca so, noċ ċreideas feaḋ tamuill, agus ḟilleas ar a nais a naimsir an ċaṫaigṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Is iad sin ar an ċarraig, an dream a ġlacas an briaṫar le h-áṫas, nuair a ċluin siad é, aċt ní ḃíonn fréaṁaċa ar biṫ acu sin, óir creideann siad ar feaḋ tamaill, agus le linn an ċaṫuiġṫe téid siad ar gcúl.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus an ċuid a ṫuiteann ar an gcaraig, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal le h-áṫas nuair airiġid siad é; aċ ní ḃíd na préaċa acu san; creidid siad ar feaḋ tamaill agus i n-am an ċaṫa téiġid siad ar gcúl.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:13
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt dob ionráiḋ ḋíḃse, Cred as a ḃfuilmidne ḋá inġreim, mar ċitear go ḃfuiġṫear bun na cuise annam?


Iárruiḋ na coiriġṫe líonnan: aċt do ḃeir fréaṁ a nfíréin toraḋ.


Ní daingneoċar duine lé hurċóid: aċt ní háiṫreoċṫar fréaṁ a nfíréin.


Ṫairis sin íarruid síad mise go laéṫeaṁuil, agus dúiliġid a néolús mo ṡliġṫeaċsa, aṁuil cineaḋ do rinne ionnracus, agus nár ṫréig órduġaḋ a Ndé: íarruid síad orumsa breiṫeaṁnus an ċeirt; bí dúil aca teaċt a ngar do Ḋía.


Agus, Féuċ, atá tusa ḋóiḃ aṁuil aḃrán ro ṫaitneaṁaċ ḋuine agá mbí guṫ binn, agus ṡinnios go maiṫ ar aḋḃuiḋ ċiúil: óir éistid do ḃríaṫra, aċt ní ḋéanuid íad:


¶ O a Eṗraim, cred do ḋéana mé riot? O a Iúdah, créad do ḋéana mé riotsa? óir atá ḃur maiṫ aṁuil néull maidne, agus imṫiġiḋ roiṁe mar an ndrúċt ṁóċ.


Oír do ḃí eagla Eóin ar Iorúaiṫ, ar mbéiṫ a ḟeasa aige gur ḋuine coṁṫrom náoṁṫa é, agus do ċoiṁéd sé é; agus ar néisdeaċd ris, do níoḋ sé mórán, agus do éisdeaḋ sé ris go toileaṁail.


Agus an dream úd ċois na sliġeaḋ a siad éisdeas; na ḋiáiġ sin tig an díaḃal, agus tógḃuiḋ sé an ḃriáṫar as a gcróiḋe, deagla go gcreidfidís agus go slánéoċṫáoi iád.


Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.


Gaċ uile ġéug ionnamsa naċ dtaḃair toraḋ, gearruiḋ sé í: agus gaċ uile ġéug do ḃeir toraḋ, glanuiḋ sé í, do ċum go maḋ móide do ḃeuraḋ sí toraḋ uáiṫe.


Giḋ be naċ ḃfanfa ionnamsa, teilgfiṫear amaċ é mar géig, agus críonfuiḋ sé; annsin ċruinniġid daoine, agus cuirid sa teiniġ íad, agus loisgṫear íad.


Do ḃí seisean na loċrann lasárrḋa agus ṡolasda: agus do ṫrograḃairsi ar feaḋ tamaill gáirdeaċus do ḋéunaṁ ann a ṡolus.


Agus bíoḋ go mbeiṫ fáiḋeadóireaċd agam, agus go mbeiṫ fios na nuile ruindíaṁraḋ, agus gaċ uile éolas agam; agus bíoḋ go mbeiṫ an creideaṁ uile agam, ar ġléus go ḃféudfuinn sléiḃte aṫruġaḋ, agus mé ḃeiṫ gan ġráḋ, ní ḃfuil éifeaċd ionnam.


Agus tré a slánaiġṫear siḃ fós, da gcongṁuiḋ siḃ an ḃríaṫar ionar ṡeanmóir mé ḋíḃ é, munar ċreideaḃair go dioṁaóin.


O A Ġalatíanaċa gan ċéill, cía rinne piseóga ḋaóiḃ, as náċ géillfeaḋ siḃ don ḟírinne, agar ṫaisbéunaḋ Iósa Críosd daóiḃ roiṁe so a ḃfiaḋnuisi ḃur súl, ar na ċéusaḋ ḃur measg?


An go dioṁaóin dfuiling siḃ a noirid sin do neiṫiḃ? aċd fós más dioṁaóin.


Ionnus go ndéanaḋ Críosd coṁnuiḋe tré ċreideaṁ ann ḃur gcroiḋṫiḃ:


Má ċóṁnuiġeann siḃ go fonndameinteaċ daingean sa gcreideaṁ, gan ḃeiṫ ḋíḃ ar ḃur naṫruġaḋ ó ṁuiniġin an tsoisgéil, noċ do ċúalaḃair, agus do rinneaḋ ṡeanmóir dá gaċ uile ċreatúr atá faói neaṁ, dá ḃfuilimse Pól am ṁinisdir;


Ar mbeiṫ ḋíḃ ar ḃur ḃfréuṁuġaḋ agus ar ḃur ḃfollamnúġaḋ ann, agus ar ḃur ndaingniuġaḋ sa gcreideaṁ, do réir mar do ṫeaguisgeaḋ siḃ, ag líonaḋ ann díḃ maille ré breiṫ ḃuíḋeaċais.


Ar a naḋḃarso, ó nár ḃféidír leamsa congṁáil oram ní buḋ ḟaide, do ċuir mé eision ċuguiḃ ċum feasa ḃur gcreidiṁ dfaġáil, deagla gur ċuir an caṫuiġeóir caṫuġaḋ oruiḃ a gcás ar biṫ, agus go mbíaḋ ar sáoṫairne díoṁaóin.


Ar mbeiṫ ċreidiṁ, agus cogúis ṁaiṫ agad; noċ ar na ṫréigean do ḋruing áiriġe do luingḃriseadar fan ccreideaṁ:


Giḋeaḋ ní sinne an drung ṫéid air ccúl ċum dámnuiġṫe; aċd ċreideas ċum a nanma ṡlánúġaḋ.


Oir aṁuil is marḃ an corp a ḃféugṁuis na spioruide, as aṁluiḋ sin mar an gcéudna ḃíos an creideaṁ marḃ gan oibreaċuiḃ.


Oír tar éis dealuiġe ḋóiḃ ré neaṁġloine an tsáoġailse tré eólas an Tiġearna agus an Tslanaiġṫeóra Iósa Críosd, dá gcraipliġṫear íad a rís innte, ar na sáruġaḋ, as measa a gcríoċ ḋeíġeanaċ ná a dtosaċ.


Giḋeaḋ do éiriḋ ḋóiḃ do réir an tseanḟocail ḟírinniġ, Do ḟill an madraḋ tar a ais ċum aiṫsgeaṫruiġe; agus an ṁuc do ḃí ar na niġe ċum a húnfurtaiġ sa laiṫiġ.


Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.


As buill ċáiḋeaċa íad so ann ḃur ḃféusduiġiḃ grádga, an tan ḃíd ar ḟéusda maille riḃ, dá mbeaṫuġaḋ féin gan ḟaitċeas ar biṫ: neóill gan uisge, dá mbreiṫ fá gcuáirt ris na gáoṫuiḃ; crainn do ṁeaṫ, ar naċ ḃfuil toraḋ, do éug fá ḋó, ar na mbuáin as a ḃfréuṁaċ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ