Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 8:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫárlá ina ḋiaiḋ sin gur ṫaisteal sé caṫraċa agus bailte, ag seanmóir agus ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċt Dé, agus mar aon leis an dáréag,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, tamall ’n‐a ḋiaiḋ sin, go ndeaċaiḋ sé tré ċaṫraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ beaga, ag seanmórú agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil ríoġaċta Dé,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ṫárla, ’n-a ḋiaiḋ san, é féin a ḃeiṫ ag gaḃail tré ċaṫaraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ, ag seanmóin agus ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus an dáréag i n-aonḟeaċt leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 8:1
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a núair da ċrioċnuiġ Iósa aiṫeanta do ṫaḃairt dá ḋá ḋeisgiobal déug, gur imṫiġ sé as sin do ṡeanmóir agus do ṫeagasg ann a gcaiṫreaċuiḃ súd.


Coiṁmionca agus éisdeas duine bríaṫar na ríoġaċda, agus naċ dtuigeann sé é, tig an droiċspiorad, agus fúaduiġe se an ní do cuireaḋ ann a ċroiḋe. Ag so an duine úd ann ar cuireaḋ an siol ċois na slíġeaḋ.


Agus do ġaḃ Iósa a dtimċeall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánúġaḋ gaċ tinnis agus gaċ éagcrúais a measg an ṗubail.


Agus do ġaḃ Iósa timċeall gaċ uile ċaṫraċ agus baile, ag teagasg ann a sionagógaiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánuġaḋ gaċ uile easláinte éagcruáis a measg an ṗubáil.


Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaiḃ ar feaḋ na Galilé uile, agus do ṫeilg sé na deaṁain a maċ.


Agus do ḟás an leanaḃ, agus do neartuiġeaḋ é a spíoruid, agus do ḃí sé ar na fásuiġiḃ go soiṫe an lá an ar ḟoillsiġ sé é féin Dísraél.


Agus tárla, áon do na láeṫiḃ sin, an tan do ṫeagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do ṡeanmoir sé an soisgéul, go dtangadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe maille ris na sinnsearuiḃ ċuige.


Ta Spíorad an Tíġearna oramsa, tré gur ong sé mé do ċuir sé úaḋ mé do ṡeanmóir an tsoisgél do na boċdoiḃ, do ṡlánuġaḋ na ndáoine agá ḃfuilid croiḋṫe brúiḋte, do ṡeanmóir fúasgalta do na braiġdiḃ agus do da dalluiḃ aisioc a raḋairc, agus do taḃairt sáoirsi don ṁuinntir a tá ar na gcombrúġaġ,


Agus do imṫiġeadarsan, trís agus do ġaḃadar na mbailtreaċ, ag déanaṁ seanmóra agus ag leiġeas ann gaċ uile ḃall.


Cionnus do ung Día Iósa Nasárrġa ris an Spiorad Náoṁ agus lé cuṁaċdaiḃ: noċ do ċuáiḋ timċeall ag déunaṁ maiṫeasa, agus ag sláunuġaḋ gaċ a raiḃ fá leaṫtrom tré ċuṁaċdaiḃ an diaḃail; óir do ḃí Día maille ris.


Agus soisgéulamáoidne ḋíḃse an geallaḋ do rinneaḋ dona haiṫreaċaiḃ,


Agus cionus do ḋéanuid siad seanmóir, muna ċuirtear ċuige íad? Mar atá sgríoḃṫa, O créd é bréaġaċd ċos na muinntire ṡoisgéulas an tsioṫċain, ṡoisgéulas neiṫe maiṫe!


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ