Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ċuaiḋ Iósa léo. Agus an tan do ḃí sé a ngar don tiġ, do ċuir an caiptín a ċáirde ċuige, ag ráḋ ris, A Ṫiġearna, Ná cuir búaiḋreaḋ ort féin: óir ní fíu misi go raċfá a sdeaċ fá ċléiṫ mo ṫiġe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ċuaiḋ Íosa leo. Agus nuair a ḃí sé ċeana féin i ngaoḃar do’n tiġ, ċuir an ceanntúir cáirde ċuige, a ráḋ: A Ṫiġearna, ná ḃí do ḃoḋraḋ féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteaċ faoi mo ḋíon;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do‐ċuaiḋ Íosa i n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair naċ raiḃ sé i ḃfad ó’n tiġ, do ċuir an ceanntúir cáirde leis ċuige, g‐á ráḋ leis, A Ṫiġearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteaċ fám’ ḋíon:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus ḃí Íosa ag dul leó, agus nuair a ḃíodar tagaiṫe i n-aċmaireaċt do’n tiġ do ċuir an taoiseaċ céad cáirde leis ag triall air ċun a ráḋ: A Ṫiġearna, ná cuir ṫu féin ċun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’ḋíon isteaċ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:6
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní fiú mé an ċuid as lúġa dot ṫrócaire, agus do nfírinne noċ do ṫaisbéin tú dod óglaċ: óir lem ḃata ṫáinig mé tar an iordáinse; agus a nois atáim ḋá ḃanna.


Do ḃéaruiḋ úaḃar duine ísiol é: aċt coinneoċuiḋ onóir súas an duine úṁal a spioraid.


Aṁáil as naċ dtáinic Mac an duine do ċum go ndéantáoi seirḃís ḋó, aċd do ḋéanaṁ seirḃísi, agus do ṫaḃairt anma féin mar éiric ar son ṁóráin.


Go deiṁin baisdimsi siḃ lé huisge do ċum aiṫriġe: aċd ċeana an té ṫig am ḋíaiġ is láidire é ná me, agus ni fíu misi a ḃróga diomċur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náoṁ, agus lé teiniġ siḃ:


Agus do imṫiġ Iósa leis; agus do lean slúaġ mór é, agus do ḃadar dá ḃruġaḋ.


Agus an tan do ċonnairc Símon Peadar so, do ṡléuċd sé ag giúiniḃ Iósa, ag ráḋ, Imṫiġ úaim a Ṫiġearna; óir is duine peacṫaċ mé.


Agus an tan ṫangadar so ċum Iósa, díarradar air go díṫċeallaċ, ag ráḋ, Gur ḃfíu é so do ṫaḃuirt dó:


Oír atá gráḋ áige dar gcineaḋne, agus do ṫóg sé sionagóg ḋúinne.


Ar a naḋḃarsin níor ṁeas mé gur ḃfíu mé féin dul ad ionnsuiġe: aċd aḃuir a ḃfocal, agus bíaiḋ móglaċ slán.


An feaḋ do ḃí seision ag laḃairt, táinic neaċ áirige ó úaċdarán na sinagóige, da ráḋ ris, Fúair binġean bás; ná cuir buaiḋreaḋ ar an Ṁaġisdir.


Cionnus do ung Día Iósa Nasárrġa ris an Spiorad Náoṁ agus lé cuṁaċdaiḃ: noċ do ċuáiḋ timċeall ag déunaṁ maiṫeasa, agus ag sláunuġaḋ gaċ a raiḃ fá leaṫtrom tré ċuṁaċdaiḃ an diaḃail; óir do ḃí Día maille ris.


Islíġe siḃ féin a ḃfiadnuise an Tíġearna, agus áirdéoċa sé siḃ.


Giḋeaḋ do ḃeir úaḋa grása ní sa ṁó. Uime sin a deir sé, Cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ, aċd do ḃeir grása do núṁal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ