Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:44 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Agus ar ḃfilleaḋ ḋó ċum na mná, a duḃairt sé ré Síomón, An ḃfaicean tú an ḃean so? ṫáinic misi a sdeaċ dod ṫiġsi agus ní ṫug tú uisgi ċum mo ċos díonlaḋ: aċd do niġ an ḃean so mo ċosa le na déuruiḃ, agus dé ṫiormuiġ sí íad le grúaig a cinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Agus ag tionntóḋ ċun na mná dó, duḃairt sé le Síomon: An ḃfeiceann tú an ḃean seo? Ṫáinic mise isteaċ i do ṫiġ, agus ní ṫug tú uisce daṁ fá ċoinne mo ċos; aċt niġ sise mo ċosa le n-a deora agus ṫriomuiġ sí iad le n-a cuid gruaige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Agus ag casaḋ ċum na mná ḋó, aduḃairt sé le Síomón, An ḃfeiceann tú an ḃean so? Ṫáinig mise isteaċ id’ ṫiġ‐se, ní ṫug tú uisce dom’ ċosaiḃ ḋom: aċt d’ḟluiċ sise mo ċosa le n‐a cuid deor, agus do ṫiormuiġ sí le n‐a gruaig iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus d’iompuiġ sé ċun na mná, agus dubairt sé le Símón: An ḃfeiceann tú an ḃean san? Ṫánag isteaċ ad’ ṫiġ-se, níor ṫugais-se ḋom uisge dom’ ċosaiḃ; aċ do niġ sí seo mo ċosa le n-a deóraiḃ, agus do ṫriomuiġ sí iad le n-a gruaig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:44
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Guiḋim siḃ, tugṫar beagán uisge, agus ionnluiġ ḃur ccossa, agus déunuiḋ coṁnuiḋ fáoi an ċránn:


Agus a duḃairt sé, Féuċuiḋ anois a ṫiġearnaḋa, íarruim oruiḃ, filliḋ asteaċ, go tiġ ḃur seirḃísiġ, agus ḟanuiḋ ar feaḋ na hoiḋċe, agus ionnluiġ ḃur ccosa, agus eireoċuiḋ siḃ súas go moċ, agus raċaiḋ siḃ roṁuiḃ ann ḃur tturus. Agus a duḃradar san, Ni heaḋ; aċ anfam ar a tsráid feaḋ na hoiḋċe.


Agus tug an tóglaċ na daóine a steaċ go tiġ Ioseṗ, agus tug uisge ḋóiḃ, agus do niġeadur a ccossa; agus tug bíaḋ da nassaluiḃ.


Agus a duḃairt Dáiḃi ré Huriah, Imṫiġ síos dot ṫiġ, agus ionnuil do ċosa. Agus dimṫiġ Uriah as tiġ an ríġ, agus do cuireaḋ coṁroinn ḃíḋ na ḋiáiġ ón ríġ.


Agus ar seasaṁ agá ċosuiḃ don táoḃ ṡiar ḋe ag gul, do ṫionnsgain sí a ċosa dionnlaḋ lé na déuruiḃ, agus a dtiurmuġaḋ lé gruáig a cinn, agus do ṗóg sí a ċosa, agus do ong sí leis an ola íad.


Agus ar ḃfreagra do Ṡímón a duḃairt sé, Measuim gur leis an té, dár ṁaiṫ sé an tsuim as mó Agus a duḃairt seision is, As maiṫ an ḃreaṫ rug tú.


Na ḋiáiġ sin do ċuir sé uisge a mbáisín, agus do ṫionnsgain sé cosa a ḋeisciobal dionnlaḋ, agus do ṫiormaġaḋ leis an línéadaċ do ḃí fá na úċd.


Ar a raiḃ teisd ṁaiṫ as a deaġoibriġṫiḃ, má ġlac sí dáoine air aoiḋeaċd, má dionnuil sí cosa na náoṁ, má ṫug sí fóiriġṫin do luċd anṡoiġ, má lean sí do ġnáṫ gaċ déaġobair.


Aċd tugaḃairse easonóir don ḃoċd. A né naċ déunuid na sáiḋḃir ro iomarcuiġ oruiḃ, agus a né naċ dtairrngid siḃ ċum breaṫeaṁnuis?


Mar sin ṫug sé leis ḋá ṫiġ é, agus ṫug bíaḋ do na hasaluiḃ, agus do niġeadar a ccosa, agus dúadar bíaḋ agus diḃeadár déoċ.


Agus déiriġ sisi, agus do ċrom síos go taluṁ ar a haġaiḋ, agus a duḃairt, Féuċ, bíoḋ do ḃanóglaċ na serḃíseaċ do niġe ċos ṡearḃḟoġainteaḋ mo ṫiġearna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ