Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus an tan do ċonnaire an ṗairisineaċ tug an cuirteaḋ ḋósan sin, smuáin sé na inntinn, ag ráḋ, Dá maḋ fáiḋ an fearso, daiṫnéoċaḋ sé cía agus gá bionnus an ḃeanso ḃeanus ris, óir as peacṫaċ í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus ġá ḟeiceáíl seo do’n Ḟairisíneaċ a ṫug cuireaḋ dó, laḃair sé leis féin, ag ráḋ: Dá mba fáiḋ é seo, ḃéaḋ a ḟios aige go cinnte cé h-í an ḃean seo, agus cad é an cinéal mná í, atá ag baint leis, óir is peacaċ í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus an Fairisíneaċ ṫug an cuireaḋ ḋó, nuair do ċonnaic sé sin, aduḃairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáiḋ an fear so, do ḃéaḋ a ḟios aige cia h‐í an ḃean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacaċ í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus do ċonaic an Fairisíneaċ a ṫug cuireaḋ ḋó an níḋ sin agus duḃairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáiḋ an fear so ḃeaḋ ḟios aige, gan aṁras, cé h-í an ḃean so atá ag teangaḃáil leis agus cad é an saġas í, gur bean ṗeacaṁail í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:39
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Aċd a dúḃairt Gehasi, searḃḟoġantuiġ Elisa oglaiċ Dé, Féuċ, do ċoigil mo ṁaiġistir Náaman an Sirianaċ, naċ ar ġlac sé as a láiṁ an níse ṫug sé leis: aċd, mar ṁairios an TIĠEARNA, ríṫfiḋ misi na ḋiáiġ, agus beanfuíḋ mé ní éigin de.


Oír mar ḃreaṫnuiġios iona ċroiḋe, is marsin ḃíos seision: Iṫ agus iḃ, a deir sé riot; aċt ní ḃí a ċroiḋe leaċd.


Noċ a deir, Seas agad féin, ná tárr láiṁ riomsa; óir is náoṁṫa misi ná ṫú. Is deataċ íad so ann mo ṡróin, teine loisgeaċ ar feaḋ an laói.


Is mar sin béid na dáoine deiġionaċ air tosaċ, agus na céad dáoine air deireaḋ: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtoġa.


Agus a duḃairt an coíṁṫionól, A sé so Iósa an fáiḋ ó Násarét na Galilé.


Oir is ón táoḃ a sdiġ, ó ċroiḋe na ndáoine, ṫigid na droċsmúaintiġe, aḋaltrannas, sdríopaċus, dúnṁarḃṫa,


Agus do smuáin sé ann féin, ag raḋ, Créd do ḋéana mé, oir ní ḃfuil áit agam ann a gcruinneoċa me mo ṫórṫuiġe?


Agus do rinneadar na Ṗairisíniġ agus na sgríobuiḋe munṁar, ag ráḋ, Gaḃuiḋ an feporso peaċtaiġ ċuige, agus iṫiḋ sé bíaḋ na ḃfoċair.


Agus a duḃairt an sdíoḃard ris féin, Créd do ḋéana mé? óir atá mo ṫiġearna ag buáin na sdíoḃardaċda ḋióm; ní héidiir leam roġṁar do ḋeanaṁ: agus is nair leam déirc iarruiḋ.


Agus niór ḃáill leision ar feaḋ tamuill: aċd tar éis sin a duḃairt sé ris féin, Ge naċ ḃfuil eagla Dé oram, agus naċ ḃfuil onóir agam do ḋuine;


Ar a naḋḃarsin taḃraiḋ tórrṫa ḃus iomċuḃaiḋ don naiṫriġe úaiḃ, agus ná tionsgnaiḋ a ráḋ ionnaiḃ féin, A tá Abraham na aṫair aguinn: oír a deirimsi riḃ, Gur ab éidir lé Dia clann do ḋúsaċd as na cloċmiḃse féin D'abraham.


Agus do ġaḃ eagla íad uile: agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Déirġe fáiḋ mór an ar measg; agus, Dféuċ Día ar a ṗobal féin.


Agus, féuċ, an tráṫ fúair bean don ċatbraiġ, do ḃí na peaċṫaċ, a ḟios go raiḃ sé na ṡuiḋe ag bíaḋ a dtíġ an ṗairisiniġ, tug si bocsa ola lé,


Agus ar seasaṁ agá ċosuiḃ don táoḃ ṡiar ḋe ag gul, do ṫionnsgain sí a ċosa dionnlaḋ lé na déuruiḃ, agus a dtiurmuġaḋ lé gruáig a cinn, agus do ṗóg sí a ċosa, agus do ong sí leis an ola íad.


Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé rís, A Ṡiomóin, atá ní agam ré ráḋ riot. Agus a duḃairt seision, A Ṁaiġisdir, abuir roṁad.


A duḃairt an ḃean ris, A Ṫiġearna, do ċím gur fáiḋ ṫú.


Agus do ḃí monaḃar mór a measg an ṗobuil na ṫimċeallsan: oír a duḃairt cuid díoḃ, As duine maiṫ é: aċd a duḃairt cuid eile, Ní heaḋ; aċd mealluiḋ sé an pobal.


Ann sin do ġoireadarsan an dara húair an duine do ḃí dall, agus a duḃradar ris, Taḃair glóir do Ḋía: atá a ḋeiṁin aguinne gur ab peacṫaċ an duinesi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ