Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus ar seasaṁ agá ċosuiḃ don táoḃ ṡiar ḋe ag gul, do ṫionnsgain sí a ċosa dionnlaḋ lé na déuruiḃ, agus a dtiurmuġaḋ lé gruáig a cinn, agus do ṗóg sí a ċosa, agus do ong sí leis an ola íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus ina seasaṁ taoḃ ṫiar de ag a ċosa, ṫoisiġ sí a niġe a ċos le n-a deora, agus á dtriomuġaḋ le gruaig a cinn, agus ḃí sí ag pógaḋ a ċos agus ġá gcuimilt leis an ungaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 agus ’n‐a seasaṁ ḋí taoḃ ṫiar de i n‐aice a ċos, do ṫionnscain sí ag fliuċaḋ a ċos le n‐a deoraiḃ, agus do ṫiormuiġ sí le gruaig a cinn iad, agus do ḃí sí ag pógaḋ a ċos, agus g‐á n‐ongaḋ leis an uinneimeint.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus ṡeasaiṁ sí lastiar i n-aice a ċos, agus ċrom sí ar a ċosaiḃ do niġe le n-a deóraiḃ, agus ar iad do ṫriomú le n-a gruaig, agus ḃi sí ag pógaḋ a ċos agus ag cimilt na h-ola ḋíoḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:38
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Guiḋim siḃ, tugṫar beagán uisge, agus ionnluiġ ḃur ccossa, agus déunuiḋ coṁnuiḋ fáoi an ċránn:


Anois an tan do ġuiḋ Esra, agus a núair do adṁuiṁ sé, ag gul agus da ṫeilgion féin ar lár a ḃfiaġnuise ṫiġe Dé, do ċruinniġ ċuige as Israel coiṁṫionól roṁór fear agus ban agus leanaḃ: óir do ċaóiḋeadar an pobal go ro ġéar.


Oír foillseoċaiḋ mé mo ċionta; agus bíad ḋoilġiosaċ air son mo ṗeacaiḋ.


Is íad íoḋbarṫa Dé spiorad briste: ar ċroiḋe ḃriste ċoṁbrúiġte, a Ḋé, ní ḋéanair tarcuisne.


Bíaḋ héadaċ a ccoṁnuiḋe geal; agus ná bíoḋ easḃuiḋ uinnemeinte air do ċeann.


Do ḃríġ deaġḃoluiḋ huinnimeinte maiṫe is cosṁuil hainm ré ola dóirte amaċ, uimesin gráḋuiġid na maiġdiona ṫú.


Agus do ċuáiḋ tú a gcionn an ríġ lé hola, agus do ṁéaduiġ tú do ḋeaġḃoltuiḋ, agus do ċuir tú do ṫeaċta a ḃfád uáit, agus duirísliġ tú ṫú féin go hifrionn.


Dórdúġaḋ don druing ċaoíḋeas a Sion, do ṫaḃairt sgéiṁe ḋóiḃ ar son lúaṫa, ola an ġáirdeaċuis ar son dóbróin, éaduiġ an ṁolta ar son spioruiḋe brúiġte: go ngoirfiḋe crainn na fíroantaċda ḋioḃ, plannduġaḋ an TIĠEARNA, ċor go nglórfuiḋe é.


Tiucfuid síad maille re gul, agus maille re gearánuiḃ ṫréoroċus mé íad: do ḃéara mé orra siuḃal re taóiḃ na sroṫann uisceaḋ a sliġe ḋíriġ, a náit naċ ḃfuiġid siad tuisleaḋ: óir atáim am aṫair ag Israel, agus sé Eṗraim mo ċéidġm.


¶ Uimesin fós anois, a deir an TIĠEARNA, Filliḋsi ċugamsa maille re ḃur nuile ċroiḋe, agus le trosgaḋ, agus lé gul, agus lé dóḃrón:


¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.


Is beannuiġṫe na daóine do ní doḃrón: óir do ġeaḃa síad sólás.


Agus ar ndol amaċ do Ṗeadar, do ġuil sé go gér.


As beannaiġṫe siḃ a ḋáoine atá ocraċ a nois: óir sáiséoċṫar siḃ. As beannaiġṫe siḃsi ċáoiḋeas a nois: óir do ḋéuntáoi gáire.


Agus, féuċ, an tráṫ fúair bean don ċatbraiġ, do ḃí na peaċṫaċ, a ḟios go raiḃ sé na ṡuiḋe ag bíaḋ a dtíġ an ṗairisiniġ, tug si bocsa ola lé,


Agus an tan do ċonnaire an ṗairisineaċ tug an cuirteaḋ ḋósan sin, smuáin sé na inntinn, ag ráḋ, Dá maḋ fáiḋ an fearso, daiṫnéoċaḋ sé cía agus gá bionnus an ḃeanso ḃeanus ris, óir as peacṫaċ í.


(Agus do bí an Muire do ong an Tiġearna lé huinnement, agus do ṫiormuiġ a ċosa lé na grúaig, dar ḋearḃraṫair Lásarus do ḃí tinn.)


Fuilngiḋ anṡóġ, agus déunuiḋ caóiḋ, agus gul: iompoiġṫear ḃur ngáire a ndoilġeas, agus ḃur ngáirdeaċas a ndóbrón.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ