Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Oir a deirim riḃ, Naċ ḃfuil éidir ċlannuiḃ na mban faiḋ as mó ná Eóin Baisde: Aċd ċeana an té as luġa a rioġaċd Dé as mó é na eisean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Óir deirim liḃ: Ní fuil orṫa sin a rugaḋ ó ṁná aon ḟáiḋ is mó ná Eoin Baiste; aċt an té ar luġa é i ríoġaċt Dé, is mó é ná eisean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Adeirim liḃ, Ar a rugaḋ ó ṁnáiḃ ní ḟuil aoinneaċ is mó ’ná Eoin; aċt ċeana an té is luġa i ríoġaċt Dé is mó é ’ná eisean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Deirim liḃ é: Ar ar rugaḋ ó ṁnáiḃ de ḋaoiniḃ ní’l fáiḋ is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúġa i ríġeaċt Dé is mó é ’ná eisean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:28
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A deirim riḃ go fírinneaċ, Naċ ar eirġiḋ eidir ċlannaiḃ na mban neaċ is mó ná Eoin Baisde: aċ ċeana gioḋ bé is luġa ann sa rioġaċd neaṁḋa is mo é ná eisean.


Ann sna laiṫiḃ sin do ḃí Eoin Baisde, ag déanaṁ seannmóra a ḃfásaċ ṫíre Iúdaiġe,


Do ḟeagair Eóin, ag ráḋ ríu uile, Baisdeamsa siḃ go deiṁin lé huisge; aċd a tá neaċ is nearṫṁuire ná misi ag teaċd, ag naċ fiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ: baisdfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ agus lé teiniḋ:


Ag so an te, ar a ḃfuil sgríoḃṫa, Féuċ, cuirim mo ṫeaċdaire roṁad, oillṁéoċus do ṡliġe roṁad.


Agus ar na gcloisdin so, do ṁoladar an pobal uile, agus na puibliocáin, Día, do ḃí ar na ṁaisdeaḋ ré baisdeaḋ Eóin.


Agus a duḃairt sé riú, Giḋ bé ġéuḃas ċuige an leanaḃ so a mainmsi is misi ġaḃas se ċuige: agus giḋ bé ġéuḃas misi ċuige, gaḃuiḋ sé ċuige an té do ċuir uáḋ mé: óir giḋ bé is luġa eadruiḃsi uile, bíaiḋ se mór.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ