Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus an tráṫ do imṫiġeadar teaċdairiġe Eóin, do ṫionnsgoin seison a ráḋ ris an bpobal a dtimċeall Eóin, Créud é an ní agá ndeaċaḃair ḋá ḟéuċain amaċ ar an ḃfásaċ? An giolcaċ ar na ḃogaḋ ag an ngaoiṫ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus nuair a d’imṫiġ teaċtairí Eoin, ṫoisiġ sé a ráḋ leis na sluaiġte fá Eoin: Cad é a ndeaċaiḋ siḃ amaċ san ḟásaċ a ḟeiceáil? Giolcaċ dá luascaḋ le gaoiṫ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus nuair do ḃí deisceabail Eoin imṫiġṫe, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leis an sluaġ i dtaoḃ Eoin, Créad é go ndeaċaḃar amaċ sa ḃfásaċ le n’ḟeicsin? giolcaċ d’á luascaḋ ag an ngaoiṫ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus nuair a ḃí teaċtairí Eóin imṫiġṫe ċrom sé ar a ráḋ leis na daoine i dtaoḃ Eóin: Cad ’á ḋ’ḟeisgint go ndeaġaḃair amaċ sa ḃfásaċ? Cuaille d’á ṡuaṫaḋ le gaoiṫ an eaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:24
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Neaṁṡeasaṁaċ mar uisge, ní ṡaruiġe tu; do ḃriġ go ndeaċa tú súas a leabuiḋ haṫar: ann sin do ṫruaillíġe tú í, do ċuáiḋ sé suas am ċúd


Agus do ḟás an leanaḃ, agus do neartuiġeaḋ é a spíoruid, agus do ḃí sé ar na fásuiġiḃ go soiṫe an lá an ar ḟoillsiġ sé é féin Dísraél.


An tan do ḃí Annas agus Caiṗás na nárdṡagartuiḃ, ṫáinic bríaṫar Dé ċum Eóin ṁic Saċarías san ḃfásaċ.


Agus as beannaiġṫe an té, naċ ḃfuiġe oilḃéim ionnumsa.


Aċd créud é an ní agá ndeaċaḃair amaċ dá Ċéuċuin? Duine atá ar na éuduġaḋ a néuduiġiḃ mine? Féuċ, an luċd ḃíos a néudaiġiḃ onóraċa, agus a saiṁe, is a bpálásuiḃ na ríoġ ḃíd síad.


A duḃairt seisean, Misi guṫ an té éiġṁeas ar an ḃfásaċ, Dírġiḋ sliġe an Tiġearna, mar a duḃairt Esaías an faiḋ.


Ionnus naċ beimís ó so amaċ ar leanbuiḃ, dár mbogaḋ agus dár nglúasaċd, fa gcuáirt ré gaċ uile ṡuinnéun teaguísg, ré cleasraḋ dáoineaḋ, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luiġeaċan ċum mealltóireaċd;


As tobair gan uisge íad so, neóill dá dtiomáin ré sdoirm ġáoiṫe; agá ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa ḋá ṫaisge fá a gcoṁair go síorruiḋe.


Ar a náḋḃarsin, a ċaired, ó atá fios aguiḃ roiṁ láiṁ, tuguiḋ aire riḃ, deagla ar mbeiṫ meallta ré seaċrán na druinge neiṁḋíaġa sin, go dtuitfeaḋ siḃ ó ḃur ndiongṁaltaċd féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ