Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Ar nimṫeaċd díḃ, innisiḋ Deóin na neiṫe do ċonncaḃair agus do ċúalaḃair; go ḃfaicid na daill, go siuḃlaíd na bacuiḋ, go nglantar na loḃair, go gċimid na boḋair, go néirġid na mairḃ, go ḃfuil an soisgéul dá ṡeanmóir do na boċdaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: Imṫiġigiḋ agus innsigiḋ do Eoin na neiṫe a ċuala siḃ agus a ċonnaic siḃ, go ḃfuil raḋarc ag na daill, go ḃfuil siuḃal ag na bacaiġ, go nglantar na loḃair, go ḃfuil éisteaċt ag an boḋair, go n-éiriġeann na mairḃ, go ḃfuil an soiscéal dá ṫeagasc do na boċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Téiġiḋ, agus innisiḋ d’Eoin gaċ a bfacaḃar agus a gcualaḃar; do‐ġeiḃ na daill a raḋarc; siuḃlann na bacaiġ, glantar na loḃair, cluineann na boḋair, aiséiriġeann na mairḃ, craoḃscaoiltear an soiscéal do na boċtaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ansan d’ḟreagair sé iad-san agus duḃairt leó: Téiġiḋ ṫar n-ais agus innsiḋ d’Eóin cad a ċloiseaḃair agus cad a ċonacaḃair; raḋarc ’á ṫaḃairt do ḋallaiḃ, siuḃal do ḃacaċaiḃ, na loḃair d’á nglanaḋ, éisteaċt ’á ṫaḃairt do ḃoḋaraiḃ, na mairḃ ag aiseiriġe, an soisgéal d’á ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:22
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃí mé am ṡúiliḃ ag an ndall, agus do buḋ cosa don ḃacaċ mé.


Fosgluiḋ an TIĠEARNA súile na ndall: tógḃuiḋ an TIĠEARNA súas an drong ċláonas síos: is ionṁuin leis an TTIĠEARNA na fíréin:


Agus do ḃéara mé na daill a sliġe naċ aiṫne ḋóiḃ; tréoroċuiḋ mé íad a sliġe nar ḃfeas dóiḃ: do ḋéana mé an dorċadas na ṡolus rompa, agus na neiṫe cama díreaċ. Ag so na neiṫe ḋéanas mé ḋóiḃ agus ní ṫréigfe mé íad.


¶ Taḃair amaċ na daóine dalla agá ḃfuilid súile, agus na boḋair agá ḃfuilid clúasa.


Féuċ, do ḃéara mé íad ón tír ṫuáiġ, agus cruinneoċa mé íad ó imliḃ na talṁan, agus maille ríu an dall agus an bacaċ, an ḃean torraċ agus an ḃean re nioḋnuiḃ a naoinḟeaċt: fillfiḋ cuideaċda ṁór annsin.


Fúigfiḋ mé fós ann do lársa daóine buáiḋearṫa agus boċta, agus cuirfiḋ a ndóiġ a nainm an TIĠEARNA.


Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ.


Tangadar ċuige an tráṫsin doill, agus bacaiġ annsa teampoll; agus do ṡlánaiġ sé íad.


Ta Spíorad an Tíġearna oramsa, tré gur ong sé mé do ċuir sé úaḋ mé do ṡeanmóir an tsoisgél do na boċdoiḃ, do ṡlánuġaḋ na ndáoine agá ḃfuilid croiḋṫe brúiḋte, do ṡeanmóir fúasgalta do na braiġdiḃ agus do da dalluiḃ aisioc a raḋairc, agus do taḃairt sáoirsi don ṁuinntir a tá ar na gcombrúġaġ,


Agus ar an uár sin fein do ċlánuiġ seisean mórán dáoine ó easláintiḃ agus ó ṗláiġiḃ, agus ó ḋroċ spioraduiḃ; agus ṫug sé á raḋarc do ṁórán dall.


Agus as beannaiġṫe an té, naċ ḃfuiġe oilḃéim ionnumsa.


Agus a duḃairt Natánael ris, An éidir ní maiṫ air biṫ ḃeiṫ ó Násarét? A duḃairt Ṗilib ris, Tar agus féuċ.


Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.


Oír do ċúadar spíorada neaṁġlana, amaċ as mórán ann a raḃadar, ag éiṁġe do ġúṫ ṁór: agus do slánuġaḋ mórán do luċd paireilíse, agus do ḃacaċaiḃ.


Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ