Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ḃí óglaċ caiptin áiriġe, go bréoite, a rioċd ḃáis, air a raiḃ cion mór aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ḃí seirḃíseaċ tinn i rioċt an ḃáis ag ceanntúir áiriṫe, agus cion mór aige air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ḃí seirḃíseaċ ceanntúra áiriṫe, fear do b’ionṁain le n‐a ṁáiġistir, do ḃí sé breoite agus i rioċtaiḃ báis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus ḃí taoiseaċ céad n-a raiḃ seirḃíseaċ leis breóite, agus ba ṁór aige an seirḃíseaċ, agus ḃí sé ag dul ċun báis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:2
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a dúḃairt sé, Go maḋ beannuiġe an TIĠEARNA Día mo ṁaiġistir Abraham, naċ ar ḋearmuid mo ṁaiġistir ann a ṫrócaire, agus ann a ḟírinne: ar mbeiṫ ḋaṁsa ar sliġe, do ṫreóruiġ an TIĠEARNA mé go tiġ ḋearḃráiṫreaċ mo ṁaiġistir.


Aċ fuáir Debora banaltra Rebecah bás, agus do haḋlaiceaḋ í táoḃ ṡíos do Ḃétel faói ḋaruiġ: agus do goireaḋ Allonbaċut dainm ḋe.


Má ṡiuḃail mé lé díoṁaóineas, nó má ḋeifriġ mo ċos ċum ceilge;


An té do ḃeir a ṡeirḃiseaċ súas go muirneaċ ó ḃeiṫ na leanaṁ biáiḋ se na ṁac aige fa ḋeóiġ.


Aċd ar ḃfaicsin an ċreaṫa talṁon, agus na neiṫeaḋ do éiriġ ann, don ċaptín agus dá raiḃ na ḟoċaír, ag coiṁéad Iósa, do ġaḃ eagla ṁór íad, ag ráḋ, Go fírinneaċ dob é so mac Dé.


Agus an tráṫ do ċunnaire an caiptíu an ni do rinneaḋ, tug sé glóir do Ḋía, ag ráḋ, Go firinneaċ buḋ firéan an duinesi.


Agus an tráṫ do ċríoċnuiġ sé a ḃríaṫra uile a néisdeaċd an ṗobail, do ċúaiḋ sé a sdeaċ go Capernáum.


Agus an tan do ċúaluiḋ sé tuarasgḃáil Iósa, do ċuir sé sinnsir na Níuduiġe ċuge, ag íarruiḋ air teaċd agus a ṡearḃḟoġantuiḋe ṡlánuġaḋ


Do ḃríġ go raiḃ éinġein inġine aige, timċeall a dá ḃliaḋan dég, agus í faġáil ḃais. Aċd ar mbeiṫ ag imṫeaċd ḋó do ḃí an sluaġ ḋa ḃruġaḋ.


Agus do ḃí duine áiriġe a Séasárea, dar ḃainm Cornélius, caiptín an ḃanna ḋá ngóirṫear an banna Eadáilleaċ,


Agus ar nimṫeaċd don aingeal do leaḃair le Cornéliuis, do ġoir sé ċuige dís dá ṁuinntir, agus saiġdiúír díaġa don druing do ḃí na ḟoċair;


Agus ar na ċlós so don ċaiptín, do ċuáiḋ sé a gceann a núaċdaráin, agus dfoillsiġ sé sin dó, ag ráḋ, Taḃair dod aire créd atá tú ḋéunaṁ: óir is Róṁánaċ an fearso.


Ann sin ar ngairm áoin do na caiptíniḃ ċuige do Ṗól, a duḃairt sé, Beir an tógánaċsa leaċd ċum an úaċdaráin: óir atá ní aige ré a innisin dó.


Agus ar ttaḃairt breaṫa ḋóiḃ go seolfamaóis gus an Neadáill, tugadar Pol agus bráiġde áiriġe eile, do ċaiptin ḃanna Agustus, dár ḃainm Iúlius.


Agus an lá na ḋiáiġ sin tangamar go Sídon. Agus ar mbeiṫ go muinntearrḋa ré Pól do Iúlius, dfulaing sé ḋó ḋul dfios a ċarad ċum coṁfurtaċda dfaġail úaṫaḋ.


Aċd ar mbeiṫ don ċaiptín, fonnṁar ar Ṗól do ṡaḃáil, do ṫoirmisg sé iad ón gcoṁairlesi; agus do aiṫin sé don luċd do ḟéud snáṁ íad féin do ṫéilgean amaċ ar tús, agus dul a dtir:


A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal sna huile neiṫiḃ don druing is maiġisdriḋe oruiḃ do réir na feóla; ní a seirḃís súl, mar luċd do ní toil na ndaóine; aċd maille re neaṁurċóid ċroiḋe, ar mbeiṫ eaglaċ ḋíḃ roiṁe Ḋía:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ