Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus are ngairm Deóin deisi áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ċuige do ċuir sé dionsuiġe Iósa íad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ġoir Eoin ċuige beirt dá ḋeisciobail, agus ċuir sé ċuig Íosa iaḋ, a ráḋ: An tusa an té atá le ṫeaċt, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do ġlaoḋ Eoin ċuige beirt d’á ḋeisceablaiḃ, agus do ċuir sé ċum an Tiġearna iad, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:19
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ann do ṡiolsa ḃeid a nuile ċineaḋ ar talaṁ beannuiġe; do ċionn gur uṁluiġ tú dom ġlór.


Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.


Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine.


Agus tiucfa slat amáċ as bun Iesse; agus fasfuiḋ Beangán as a ḟréiṁ:


Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe.


Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.


Agus crioṫfiḋ mé na huile ċineaḋaċa, agus tiucfuiḋ fonn na nuile ċineaḋ: agus líonfa mé an tiġse le glóir, a deir TIĠEARNA na slóġ.


¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.


¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.


Ann sin do ġoir sé an dá ḟear ḋéug, agus do ṫionnsgain sé a gcur na ndís agus na ndis; agus tug sé cuṁaċda ḋóiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana.


Agus na ḋiaiġ so dórduiġ an Tiġearna mar an gcéadna deiṫneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé na ndís agus na ndís roiṁe féin iád dá gaċ uile ċaṫruiġ agus ionnad, ann a raíḃ a ṫeaċd féin.


Agus tárla, an tan do ḃí sé ag déanaṁ urnuiġe a náit áiriġe, mar do sguir sé, go nduḃairt fear áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ris, A Ṫiġearna múin dúinne urnuiġe do ḋéanaṁ, aṁail agus mar do ṁúin Eóin dá ḋeisciobluiḃ féin.


Agus a duḃairt an Tiġearna rís, Go deiṁin do ní siḃse a ṗairisineaċa an táoḃ amuiġ don ċupan agus don ṁéis glan; aċd atá an táoḃ a sdiġ ḋíḃ lán do ṡracaireaċd agus dolc.


Agus a duḃairt an Tiġearna, Cía atá na ḟeaḋmannaċ ḟírinneaċ ġlic, ċuirfeas a ṫiġearna ós cionn a ṁuinntie féin, ionnus go dtioḃraḋ sé a miosúr biḋ ḋóiḃ na am fein?


Uime sin do ḟreagair an Tiġearna ḋó, agus a duḃairt sé, A ḟir an ḟúarċráḃuiḋ, a né naċ sgáoileann gaċ áon nduine agaiḃ féin a ḋaṁ nó a asal ón ṁainnsér lá na saḃóide, agus naċ beireann sé ċum uisge é?


Agus a duḃradar na heasbuil ris, A Ṫiġearna, méuduiġ ar gcreideaṁ.


Agus a duḃairt an Tiġearna, Dá mbeiṫ oiread ġráinne musdaird do ċreideaṁ aguiḃ, déaraḋ siḃ ris a gcrann sicaminso, Eiriġ as do ḟréaṁaċ, agus curṫar an sa ḃfairge ṫú; agus do uṁloċaḋ sé ḋaóiḃ.


Agus a duḃairt an Tiġearna, Eisdiḋ créd a deir breiṫeaṁ na héagcora.


Agus ag seasaṁ do Ṡaċéus, a duḃairt sé ris an Tiġearna; Féuċ, a Ṫiġearna, do ḃeirim leaṫ mo ṁáoine do na boċdaiḃ; agus má mbeall mé duine air biṫ a néinní, do ḃeirim ḋó a ċeiṫre oirid.


Agus ar gcasaḋ don Tiġearna, dféuċ sé ar Ṗeadar. Agus do ċuṁniġ Peadar ar ċomráḋ an Tiġearna, cionnas a duḃairt sé ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí huáire.


Ag ráḋ, Déiriġ an Tiġearna go firinneaċ, agus taisbéanaḋ do Ṡíomón é.


Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil.


Agus an tan ṫangadar na firsi ṡuigesean, a duḃradar, Do ċuir Eóin Baisde sinne ċugad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile?


(Agus do bí an Muire do ong an Tiġearna lé huinnement, agus do ṫiormuiġ a ċosa lé na grúaig, dar ḋearḃraṫair Lásarus do ḃí tinn.)


Ar a naḋḃarsin an tan do aiṫin an Tiġearna go gcúaladar na Ṗairisíniġ gur mó do ḋeisciobluiḃ do níoḋ Iósa agus do ḃaisdeaḋ sé ná Eóin,


A duḃair an ḃean ris, Atá a ḟios agam go dtiocfa an Messías, (ré a nabarṫar Críósd:) an tan ṫiocfas sé foillséoċuiḋ sé na huile neiṫe ḋúinn.


Agus tangadar longa beaga eile ó Ṫibérias láiṁ ris an áit an ar iṫeadar an tarán, tar éis an Tiġearna ḃreiṫ buiḋeaċuis:


Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.


Agus do ḃéura mé cúṁaċd dom ḋá fíaḋnuisiġe, agus béid síad ag faiḋeadóireaċd míle ḋá ċéud agus trí fiċid lá, ar na néuduġaḋ déuduiġiḃ róin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ