Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus do ġaḃ eagla íad uile: agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Déirġe fáiḋ mór an ar measg; agus, Dféuċ Día ar a ṗobal féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus ṫáinic eagla orṫa uilig, agus ṫug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: D’éiriġ fáiḋ mór i n-ár measc, agus ḋearc Dia ar a ṁuinntir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus ṫáinig eagal ar na daoine go léir, agus ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar: Tá fáiḋ mór eiriġṫe ’n-ár measg, agus ṫáinig Dia ag féaċaint a ḋaoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:16
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫig tú dféuċuin na talṁan, agus fliuċa tú é: cuirfir a saiḋḃrios go mór é re haḃuinn Dé, lán duisgeaḋuiḃ: ullṁuiġiḋ tú ḋóiḃ arḃar, a nuáir ṡoláṫrus tú é.


Agus do ċreideadur an pobal: agus a nuáir do ċualadar go ttáinic an TIĠEARNA dfiosruġaḋ ċloinne Israel, agus gur ḟéuċ sé ar ċloinn Israel, agus go ḃfacaiḋ sé a mbuaireaḋ, ann sin do ċromadar a ccinn agus do rinneadur uṁla.


Agus biáiḋ sé ḋaṁsa na ainm sóláis, molta agus onóra a laṫair a ḃfuil do ċineaḋaċaiḃ air an ttalaṁ, noċ ċluinfios a nuile ṁaiṫ atáim do ḋéanaṁ ḋóiḃ: agus biáiḋ eagla agus úaṁan orra ar son na huile ṁaiṫeasa, agus ar son an deiġḃisiġ uile, ġléasuim ḋó.


Ionnas gur ġaḃ iongantus an slúaġ, an tan do ċonncadar na balḃáin ag laḃairt, agus na dáoine ciorṫuimeaċa slán, na bacaiġ ag sioḃal, agus a raḋarc ag na dallaiḃ: agus tugadar gloír do Ḋía Israel.


Agus a duḃairt an coíṁṫionól, A sé so Iósa an fáiḋ ó Násarét na Galilé.


Agus ar nimṫeaċd ón túama go deiṫneasaċ ḋóiḃ maille ré heagla agus ré gáirdeaċus mór; do rioṫadar dá ḟoillsiuġaḋ sin dá ḋeisciobluiḃsion.


Aċd an tan do ċunnairc an pubal an nisí, do ġaḃ iongantas íad, agus tuagadar glóir do Ḋía, ṫug a leiṫeide sin do ċuṁaċdaiḃ do ḋáoiniḃ.


Agus do ġaḃ eagla a gcoṁarsuin uile: agus do haiṫriseaḋ na neiṫe so uile ċois tsléiḃe ṫíre Iúdaiġe uile.


Go maḋ beannaiġe au Tiġearna Día Israel; ar son gur ḟiosruiġ sé agus gur ḟúasgail sé a ṗobal féin,


Agus do ḋéanuid coṁċoṫrom ris an dtalaṁ ṫú, agus do ċlann ionnad a stiġ; agus ní ḟúigfid cloċ ar miuin cloiċe ionnad; tré nar aiṫin tú aimsear ṫfiosruiġṫe.


Agus do ḟilleadar na háoḋairiḋe, ag taḃairt glóire agus ag molaḋ Dé tré gaċ ní da gcúaladar agus da ḃfacadar, mar a duḃraḋ riú.


Agus a duḃairt seision ríu, Créd iad na neiṫe? Agus a duḃradarsan ris, Na neiṫer ṫáoḃ Iósa Nasarḋa, do ḃí na ḟaiġ ċuṁaċdaċ a ngnióṁ agus a mbreiṫir a bfiaḋnuisi Dé, agus an ṗobuil uile:


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, agus do ṁoladar Día, agus do líonaḋ deagla íad, ag ráḋ, Do ċoncamair neiṫe doiċreidte a niuġ.


Agus an tan do ċonnairc Símon Peadar so, do ṡléuċd sé ag giúiniḃ Iósa, ag ráḋ, Imṫiġ úaim a Ṫiġearna; óir is duine peacṫaċ mé.


Agus déiriġ an duine marḃ na ṡuiḋe, agus do ṫionnsgain sé laḃairt. Agus tug sé ḋá ṁáṫair féin é.


Agus an tan do ċonnaire an ṗairisineaċ tug an cuirteaḋ ḋósan sin, smuáin sé na inntinn, ag ráḋ, Dá maḋ fáiḋ an fearso, daiṫnéoċaḋ sé cía agus gá bionnus an ḃeanso ḃeanus ris, óir as peacṫaċ í.


Agus diárradar luċd ċríċe na Ngadarenaċ uile airsion imṫeaċd úaṫa; oír do ḃí eagla ro ṁór orrṫa: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.


Agus do ḟreagradarsan agus a duḃradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éiġe fáiġ éigin do na seanḟáiġiḃ a rís.


Agus dfíafruiġeadar ḋe, Créd eile? An tú Elías? Agus a duḃairt seision, Ní mé. An faíḋ ṫú? Agus do ḟréagair seision, Ní heaḋ.


Agus dfíafruiġeadar ḋeasean, agus a duḃradar ris, Ar a naḋḃarsin créd fá ndéunann tú baisdeaḋ, muna tú Críosd, nó Elías, nó an fáiḋ úd?


A duḃairt an ḃean ris, A Ṫiġearna, do ċím gur fáiḋ ṫú.


Ar a naḋḃarsin an tan do ċunncadar na dáoine sin, an coṁarṫa do rinne Iósa, a duḃradar, As é so gó fírinneaċ an fáiḋ úd do ḃí ċum teaċda air a tsáoġal.


A deirid síadsan a rís ris a dall Creud í do ḃaraṁuil don té úd, ar son gur osguil sé do ṡúile? Agus a duḃairt seisean, Is fáiḋ é.


Agus ar gcloinsin na mbríaṫarsa Dananías, do ṫuit sé síos, agus do ċúaiḋ a anam as: agus do ḃí eagla ṁór ar gaċ duine ḋá ccúaluiḋ na neiṫe so.


A sé so an Máoise úd, noċ a duḃairt ré cloinn Israél, Tóigéuḃaiḋ Día ḃur Dtiġearna fáiḋ súas dáoiḃ da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar misi; éisdfiṡ siḃ ris.


¶ Tóigfe do ṪIĠEARNA Día Fáiġ ḋuit as do lár féin amaċ, dot ḋearḃráiṫriḃ, mar misi; ḋó sin uṁloċtaoi;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ