Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus táinic sé agus do ḃean sé ris an gcoṁraiḋ: (agus do ṡeasadar an luċd do ḃí agá iomċar) agus a duḃairt sé; A ógánaiġ, a deirim riot, éiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ṫáinic sé ar aġaiḋ agus ċuir sé a láṁ ar an ċróċar. (Agus ṡeasuiġ na daoine a ḃí ag iomċar.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, éiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus táinig sé agus do ċuir sé a láṁ ar an gcróċar: agus do stad an luċt iomċair Agus aduḃairt sé, A óigḟir, adeirim leat, Éiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus ṫáinig sé agus ċuir sé a láṁ ar an gcóṁrainn. (Agus do stad an ṁuintir a ḃí ag iompar na cóṁran.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, eiriġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:14
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṡín sé é féin ar an leanaṁ trí huáire, agus do éiġ sé ċum an TIĠEARNA, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA mo Ḋía, guiḋim ṫú, filleaḋ anum an leiniṁ ann a rís.


Agus do ċúalaiḋ an TIĠEARNA guṫ Elias; agus ṫáinic anum an leiniṁ ann a rís, agus do aiṫḃéoġuiḋ sé.


Marsin luiġios an duine síos, agus ní éirġionn, nó go raḃuid na neaṁa gan a ḃeiṫ ann ní sa ṁó, ní ṁúisceoluid síad, agus ní ḋúiseoċar as a ccodlaḋ íad.


Má ġeiḃ duine bás, an mbiáiḋ sé béo a rís? fuireoċuiḋ mé lé huile láeṫiḃ maimsire cinnte, nó go ttí mo ṁalairt.


Oír do laḃair sé, agus do rinneaḋ aṁluiḋ; do aiṫin sé, agus do cruṫuiġeaḋ é.


Mairfid do ḋaóine marḃa, eireoċuid a naóinḟeaċd re mo ċorp marḃsa. Músclaiḋ agus cánaiḋ, a ḋrong ċóṁnuiġios annsa luáiṫreaḋ: óir atá do ḋrúċd mar ḋrúċd luiḃionn, agus teilgfiḋ an talaṁ amaċ na mairḃ.


Agus air mbreiṫ ḋó air láiṁ an ċailín, a duḃairt sé ria, Talita cúmi; is é sin, ar na eidirṁíniġeaḋ, A ċailín a deirim riot, éiriġ:


Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil.


Agus déiriġ an duine marḃ na ṡuiḋe, agus do ṫionnsgain sé laḃairt. Agus tug sé ḋá ṁáṫair féin é.


Agus do ċúaiḋ an túarasgḃáil so amaċ air féaḋ ṫíre Iúdaiġe uile, agus air feaḋ gaċ éintíre timċeall.


A duḃáirt Iósa ría, Is misi a neiséirġe, agus an ḃeaṫa: giḋ be ċreideas ionnam, dá mbeiṫ go mbiaḋ sé tár éis ḃáis, mairfiḋ sé:


Oír aṁuil mar ḋúisgeas, agus mar ḃeóḋaiġeas an Taṫair na mairḃ; as mar an gcéudna ḃeóḋaiġeas an Mac an dream as áill leis.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráṫ ċluinfid na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus an dream ċluinfeas mairfid siad.


(Mar atá sgríoḃṫa, Do órduiġ mé ṫú ad aṫair do ċineaḋaċuiḃ iomḋa,) a ḃfíaḋnuisi Dé, dar ċreid sé, noċ a ḃéoḋuiġeas na mairḃ, agus ġoireas na neiṫe naċ ḃfuil aṁail as do ḃeidis ann.


Oír as gráineaṁuil ré a ninnisin aṁáin na neiṫe do níd síad ós íseal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ