Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 7:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus an tan ṫáinig sé a ngar do ḋoras na caiṫreaċ, féuċ, do ḃí duine marḃ agá ḃreiṫ amaċ, do ḃí na áon ṁac agá ṁáṫair, agus í na baintreaḃaiġ; agus do ḃí coiṁṫionól mór ón ċaṫruiġ na foċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus nuair a ṫáinic sé cóṁgaraċ do ġeafta na caṫraċ, féaċ, ḃí duine marḃ dá iomċar amaċ, aonṁac a ṁáṫar; agus ḃí sise ina baintreaḃaiġ: agus ḃí sluaġ mór de ṁuinntir na caṫraċ léi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do ḃí sé ag teaċt i ngar do ġeata na caṫraċ, féaċ, do ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aon‐ṁac a ṁáṫar, agus ise ’n‐a baintreaḃaiġ: agus do ḃí mórán de ṁuinntir na caṫsaċ ’n‐a foċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ċun geata na caṫaraċ, féaċ, ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aonṁac a ḃí agá ṁáṫair, agus baintreaċ ab eaḋ an ṁáṫair; agus ḃí soċraid ṁór de ṁuintir na caṫaraċ léi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 7:12
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.


Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit.


Agus, féuċ, déiriġ muinntir an tiġe uile a naġaiḋ do ḃanóglaiċ, agus a duḃradar, Seaċuid an té do ṁarḃ a ḋearḃraṫair, go marḃam é, air son ḃáis a ḋearḃraṫair noċ do ṁarḃ sé; agus muírfimne an toiġre mar an gcéadna: agus mar sin múċfuid mo sméaṫroid noċ do fágḃaḋ, agus ní ḟúigfid ag mfear ainm no íarḋráoi ar an ttalaṁ.


Agus a duḃairt sisi, Mar ṁairios do ṪIĠEARNA Día, ní ḃfuil éanḃairġin agum, aċd lán baise do ṁin a mbairille, agus beagán ola a gcrúisgín: agus, feúċ, atáim ag cruinniuġaḋ maide nó ḋó, le ndeiseoċuinn sin ḋaṁ féin agus dom ṁac, go niṫmis é, agus go ḃfaġamáois bás.


Agus a duḃairt sisi ré Hélias, Cred é ḋaṁsa riotsa, a óglaiċ Dé? an ttáinic tú ċugam do ġairm mo ṗeacaḋ ċum mo ċuiṁne, agus do ṁarḃaḋ mo ṁic?


Agus do ṫóg Elias an leanaṁ, agus rug síos as a tséomra é don tiġ, agus ṫug ḋa ṁaṫair é: agus a dubairt Elias, Féuċ, atá do ṁac béo.


Eiriġ, imṫiġ roṁad go Sareṗat, noċ is le Sidon, agus déan coṁnuiġ annsin: féuċ, do aiṫin misi do ḃaintreaḃuiġ annsin do ċongṁáil súas.


Agus a duḃairt seision, Timċioll a namasa, do réir aimsire na beaṫa, biáiḋ mac agad. Agus a duḃairt sisi, Ní heaḋ, ó mo ṫiġearna, a óglaiċ Dé, ná déana bréug red ḃanóglaiċ.


Agus a nuáir do rug sé air, agus ṫug ċum a ṁaṫar é, do ṡuiġ sé ar a glúiniḃ go meaḋon laói, agus fuáir sé bás annsin.


Do ṫigeaḋ beannaċd an té do ḃí réiḋ ċum báis orum: agus do ṫógḃuinn croiḋe na baintreaḃuiġ ċum aḃrán do gaḃáil lé lúaṫġáir.


¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.


Agus tárla an lá na ḋiáiġ sin, go ndeaċaiḋ sé don ċaṫruiġ dá ngoirṫear Náin; agus do ċúadar mórán dá ḋeisciobluiḃ leis, agus buiḋean ṁór.


Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil.


Do ḃríġ go raiḃ éinġein inġine aige, timċeall a dá ḃliaḋan dég, agus í faġáil ḃais. Aċd ar mbeiṫ ag imṫeaċd ḋó do ḃí an sluaġ ḋa ḃruġaḋ.


Agus do ḃádar cáċ uile a gul, agus dá cáoineaḋsa: aċd a duḃairt seision, Ná guiliḋ; ní ḃfuil sí marḃ, aċd na codlaḋ.


Agus tangadar mórán do na Iúdaiḋiḃ ċum Martá agus Muire, dá gcoṁḟurtaċd fá na ndearḃráṫair.


Ann sin ar néirġe do Ṗeadar ṫáinic sé ríu. Agus ar dteaċd ḋó, rugadar súas don tséomra úaċdaraċ é: agus do ṡeasadar na baintreaḃaċ uile na aice ag cáoi, agus ag taisbéanaḋ na gcótaḋ agus na gcúlaiḋeaċ do rinne Dorcás, an feaḋ do ḃí sí na ḃfoċair.


Tug se a láṁ ḋí an tan sin, agus do ṫóg sé na seasaṁ í, agus ar ngairm na náoṁ agus na mbaintreaḃaċ ḋó, daisiġ sé ise béo.


Ag so an ríaġail ġlan gan ċáiḋe a ḃfíadnuise Dé agus a Naṫar, Eaḋon dul dféuċain na ndileaċdaḋ agus na mbaintreaḃaċ a nám a ríaċdanuis, neaċ é féin do ċoiṁéud gan ċáiḋe ón tsáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ