Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do ḃí coiṁéud ag na sgríobuiḋiḃ agus ag na Ṗarisineaċuiḃ airsean, dá ḟéuċuin an ndéanaḋ sé leiġeas ann sa tsábbóid; do ċum go ḃfuiġidís aḋbar gearáin air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ḃí na Scríoḃaiḋte agus na Fairisíniġ ġá ċoiṁéad, féaċaint an ndéanfaḋ sé leiġeas ar an tsabóid, ċun go ḃfaġaḋ siad aḋḃar le cur ina leiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do ḃí na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ag faire air, d’ḟéaċain an ndéanfaḋ sé leiġeas, lá na sabóide; le súil go mbéaḋ cúis aca le cur ’n‐a leiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus ḃí na Ṡgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ag faire air féaċaint a’ ndéanfaḋ sé an leiġeas lá na sabbóide, agus go mbeaḋ níḋ acu le cur ’n-a leiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:7
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an luċd atá ag tóruiġeaċd ar manam cuirid paintéir roṁam: agus an drong íarrus molc laḃraid urċóid, agus smuainid cealga ar feaḋ an laoi.


Noċ do ní ciontaċ do ḋuine arson focail, agus ċuirios paintéur a ccoinne an tí aiṫḃirios annsa ġeata, agus ċuireas an fíréun do leaṫṫaoiḃ ar son neiṫe gan ḃríġ.


¶ Oir do ċúala mé míoċlú ṁóráin, eagla air gaċ áon taóiḃ. Aiṫris, a deirid siad, agus aiṫreosaimne é. Atá mo luċt aiṫeanta uile ag foraire air mo ḃacuiġe, ġa ráḋ, Do bféidir go meallfuiḋe é, agus béuruimne buáiḋ air, agus do ḋéanam ar ndioġaltas air.


Aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na cuiriḋ a naġaiḋ a nuilc: aċd gioḋ bé neaċ ḃúailfeas tú air do ġíall deas, iompóiġ ċuige fos an gíall oile.


Agus do ḃádar agá ḃraṫ, an sláinéoċaḋ sé é san tsabbóid; ionnus go gcuirfidís cúis air.


Agus ar ḃfreagra dúaċdarán na sinagóge ar mbeiṫ diomġaċ ḋó, fá Iósa do ḋéanaṁ leiġis ann sa tsabboid, a duḃairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéṫe ann ar coir obair do ḋéanaṁ; ar a naḋḃarsin gur ab ionnta sin ṫiocfas siḃ dá ḃur leiġeas, agus nar ab a lá na sabboide.


Agus ag taḃairt aire ris, do ċuireadar luċd braṫa, do léigfeaḋ orrṫa féin a ḃeiṫ na ḃfiréin, ionnus go ngreameóċaidis air a ċoṁráḋ, do ċum a ṫaḃarṫa do ċuṁaċd agus duġdarrás a nuáċdaráin.


Uime sin a duḃradar cuid do na Ṗairisíneaċuiḃ, Ní ó Ḋía an duinesi, óir ní ċongḃann sé an tsabbóid. A duḃradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacṫaċ a léiṫéid so do ċoṁarṫaḋuiḃ a ḋéunaṁ? Agus do ḃi siosma eatorra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ