Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeaċuiḋ seisean a sdeaċ don tsinagóg agus gur ṫeaguisg sé: agus do ḃí óglaċ ann sin agá raiḃ a láṁ ḋeas ar na seargaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ṫárla ar ṡabóid eile fosta go ndeaċaiḋ sé isteaċ san tsineagóig agus go raiḃ sé ag teagasc; agus ḃí duine annsin, agus ḃí a láṁ ḋeas seargṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus ṫarla, sabóid eile, go ndeaċaiḋ sé isteaċ sa tsionagóig, agus go raiḃ sé ag teagasc: agus do ḃí fear ann go raiḃ a láṁ ḋeas seargṫa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus do ṫárla, lá eile sabbóide, go ndeaġaiḋ sé isteaċ sa tsinagóig agus go raiḃ sé ag teagasg; agus ḃí duine ann agus ḃí a láṁ ḋeas seirgṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:6
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus tárla, a nuáir do ċúala an riġ Ieroboam glór óglaiċ Dé, noċ do ġair a naġaiḋ na haltóra a Mbétel, gur ċuir sé a láṁ amaċ ó naltóir, ḋa ráḋ, Beiriġ air. Agus an láṁ, do ċuir sé amaċ na aġaiḋ, do ṫiormuiġ sí súas, iondus nar ḟéud sé a taḃairt ċuige ar a hais a rís.


A ṁairg dáoḋaire a nioḋail ḟágḃus an tréad! biáiḋ an cloiḋeaṁ air a láiṁ, agus air a ṡúil ḋeis: tiormoċuiḋ a láṁ uile súas, agus dallḟuiġear a ṡúil ḋeas ṫríd amaċ.


Agus do ġaḃ Iósa a dtimċeall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánúġaḋ gaċ tinnis agus gaċ éagcrúais a measg an ṗubail.


Agus do ḃí sé ag teagasg a sínagóig áiriġe lá na sábbóide.


Aċd ar ḃfreagra Díosado laḃair sé ris an luċd dliġe agus ris ná Ṗairsíneaċaiḃ, ag raḋ, An ceaduiġeaċ leiġeas do ḋéanaṁ lá na sábbóide?


Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleaġ é: agus, do ċúaiḋ sé a steaċ mar buḋ gnaṫ leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éiriġ sé na ṡeasaṁ do leuġṫóireaċd.


Agus do ċúaiġ sé síos go Capernáum, caṫair don Ġalilé, agus do ḃioḋ sé ḋá dteangasg ann sna sabboidiḃ.


Agus tárla ag ġaḃáil trí ġortuiḃ ḋósan, an dara sábboid taréis an ċeud gur ḃeanadar a ḋeisciobáil déusa, agus tar éis a gcunnealta eidir a láṁuiḃ ḋóiḃ, dúadar íad.


Agus a duḃairt seisean ríu, As Tiġearna don tsábboid féin Mac an duine.


Do ḃádar mórán do ḋáoiniḃ eugcrúaiḋe na luiġe ionnta so, do ḋalluiḃ, do ḃacaċuiḃ, agus do luċ seirgliḋe, do ḃí ag fuireaċ re corruġaḋ an uísge.


Uime sin a duḃradar cuid do na Ṗairisíneaċuiḃ, Ní ó Ḋía an duinesi, óir ní ċongḃann sé an tsabbóid. A duḃradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacṫaċ a léiṫéid so do ċoṁarṫaḋuiḃ a ḋéunaṁ? Agus do ḃi siosma eatorra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ