Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:45 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Do ḃeir an duine maiṫ ní maiṫ as cisde maiṫ a ċroiḋe féin; agus do ḃeir an droċ ḋuine droċ ní as droċ ċisde a ċróiḋe fein: oír is as iomarcuiḋ an ċróiḋe, laḃrus an béal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Tairgeann an déag-ḋuine an ṁaiṫ as déaġ-stór a ċroiḋe, agus tairgeann an droċ-ḋuine an t-olc as a ḋroċ-stór. Óir laḃrann an béal an rud a mbíonn an croiḋe lán de.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Do‐ḃeir an deaġ‐ḋuine an deaġ‐niḋ amaċ as deaġ‐stór a ċroiḋe; agus do‐ḃeir an droċ‐ḋuine an droċ‐niḋ amaċ as droċ‐stór a ċroiḋe: óir as líonṁaireaċt an ċroiḋe is eaḋ laḃras a ḃéal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Tugann an deaġ-ḋuine an deaġ-níḋ amaċ a’ deaġ-stór a ċroiḋe féin; agus tugann an droċ-ḋuine an droċ-níḋ amaċ a’ droċ-stór a ċroiḋe; óir a’ flúirse an ċroiḋe is eaḋ do laḃrann an béal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:45
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Dfoluiġeadar na huáiḃriġ an paintéar am ċoinne, agus corduiġe; do ṡíneadar líon ré taoḃ na slíġeaḋ: do ċuireadar innle am ċoinne. Selah.


Ar son peacaiḋ a mbéil bríaṫair a bpuisín gaḃṫar íad ann a núaḃar: agus ar son a malluiġṫe agus a mbréug noċ laḃruid.


Féuċ, taifnid re na mbéul: atáid cloiḋṁṫe iona bpusaiḃ; óir, a deirid, Cía ċluin?


Bíḋ drong ann laḃras cosṁuil re sáiṫiḃ cloiḋiṁ: aċt is sláinte teanga a neagnuiḋe.


Sólásaiġear duine le freagra a ḃéil féin: agus an focal laḃarṫar iona am féin, cred é méud a ṁaiṫeasa!


Coiṁéad do ċroiḋe re úile ċiollaċd; óir is as sin ṫigid toibreaċa na beaṫa.


Giḋ bé ċreideas ionnamsa, mar a duḃairt an sgrioptúir, lingfid sroṫa duisge ḃéo as a ḃroinn.


Ann sin a duḃairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do ċróiḋe do ḋéunaṁ bréige leis an Spiorad Náoṁ, agus do ċungḃáil coda éigin do lúaċ an ḟearuinn go foluiḋṫeaċ?


Ḋúṁsa, is lúġ na an tí as lúġa do na huile náoṁuiḃ, do tugaḋ an grás so, eaḋon saiḋḃreas dóċúartuigṫe Ċríosd do ṡoisgéuluġaḋ a measg na Gcineaḋaċ.


Ná tiġeaḋ bríaṫar ar biṫ ṫruáilliġe amaċ as ḃur mbéul, aċd giḋ bé bríaṫar ḟoġnas ċum follamnuiġṫe, ionnus go dtíuḃraḋ grása don luċd éisdeaċa.


Ag láḃairt ré ċéile a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ diaġa, agus a gcaintiġiḃ sbioradálta, ag seinm agus ag déunaṁ ceóil do Tíġearna ann ḃur gcróiḋṫiḃ.


Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean.


Bíoḋ ḃur gcoṁráḋ do ġnáṫ grásaṁuil, ar na ṫumaḋ a salann, ionnas go mbíaḋ a ḟios aguiḃ cionnas as coir ḋíḃ gaċ áon do ḟreagra.


Uime sin ag so an connraḋ do ḋéuna mé ré tiġ Israél a ndiáiġ na laeṫeaḋsin, a deir an Tíġearna; Cuirfe mé mo ḋliġṫe ann a ninntinn, agus sgrioḃṫad íad ann a gcroíḋe: agus biáiḋ mé um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agumsa.


Ċum breiṫeaṁnuis do ḋéunaṁ ar na huile ḋáoiniḃ, agus dimḋeargaḋ gaċ a ḃfuil neiṁḋíaġa na measg ar son na nuile ġníoṁarṫaḋ neiṁḋíaġa do rinneadar go neiṁḋiaġa, agus ar son gaċ uile ḋroċḟócal dar laḃradar na peacuiċ neiṁḋíaġa na aġuiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ