Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:42 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Nó cionnus as éidir leaċd a ráḋ réd ḋearḃraṫair, A ḋearḃraṫair, léig ḋaṁ an broṫ atá ad ṡúil do ḃáin aisde, agus náċ ḃfaiceann tú an tsail atá ad ṡuil féin? A ḟir an ḋúarċráḃuiḋ, ar tus teílg amaċ an tsail as do ṡuil féin, agus an sin ḃus léir ḋuit, an broṫ atá a súil de ḋearḃráṫar do ḃúain aisde.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Nó cad é mar ṫig leat a ráḋ le do ḋearḃráṫair: A ḋear-ḃráṫair, leig daṁ an scealbóg a ṫarraingt amaċ as do ṡúil, nuair naċ ḃfeiceann tú an tsail i do ṡúil féin? A ḃréagċráiḃṫiġ, caiṫ amaċ an tsail as do ṡúil féin ar dtús; agus annsin tcífiḋ cú go soiléir ċun an scealbóg a ḃaint as súil do ḋearḃráṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Nó cionnas is féidir leat a ráḋ led’ ḃráṫair, A ḃráṫair, leig dom an duḃradán atá id’ ṡúil do ḃaint aisti, agus naċ ḃfeiceann tú an tsail atá id’ ṡúil féin? A ḟíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do ṡúil féin, agus annsin doċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Nó conus is féidir duit a ráḋ le t’ḃráṫair: A ḃráṫair, leig dom an dúradán a ḃaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ ṡúil féin? A ċluanaiḋe, bain an tsail ar dtúis as do ṡúil féin, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:42
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋ be ḃíos ar ttús iona ċúis féin saóiltear cóir do ḃeiṫ aige: aċt ṫig a ċoṁarsa agus spíonuiḋ sé é.


Agus ann sin do ċuiṁniġ Peadar ar ḃríaṫruiḃ Iósa, a duḃairt ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí húáire. Agus ar ndul a maċ ḋó, do ġuil sé go géur.


Aċd oréd fá a ḃfaiceann tú an broṫ atá a súil do ḋearḃráṫar, agus naċ ccuireann tú á nuṁail an tsail atá ann do ṡúil féin?


No cionnas a deúra tú réd ḋearḃráṫair, Fulang ḋaṁ an broṫ do ḃúain as do ṡúil; agus, féuċ, an tsail ann do ṡúil féin?


Uime sin do ḟreagair an Tiġearna ḋó, agus a duḃairt sé, A ḟir an ḟúarċráḃuiḋ, a né naċ sgáoileann gaċ áon nduine agaiḃ féin a ḋaṁ nó a asal ón ṁainnsér lá na saḃóide, agus naċ beireann sé ċum uisge é?


Agus do ġuiḋ misi air do ṡonsa, ionnus naċ dtráoiṫfeaḋ do ċreideaṁ: agus air ḃfilleaḋ duitse, neartuiġ do ḋearḃraiṫreaċa.


Agus créud fa a ḃfaiceann tú an broṫ beag a súil do ḋearḃráṫar, agus naċ dtugair dod aire an tsail atá ad ṡúil féin?


Oír ni maiṫ an crann iomċras droċṫoraḋ; agus ní holc an crann iomċras toraḋ maiṫ.


A duḃairt sé. Aḟir lán do ṁeaḃail agus dolc, a ṁic an díaḃail, agus a naṁuid na huile ḟiréntaċda, an é naċ sguirfe tú do ṡliġṫiḃ diorġa an Tiġearna do ċur bunoscionn?


Agus do ḟreagair Peadar iád, Déanuiḋ aiṫriġe, agus baisdear gaċ áonduine agaiḃ a nainm Iósa Críosd ċum maiṫeaṁnuis na bpeacaḋ, agus géuḃṫáoi ċugaiḃ tioḋlacaḋ a Spioruid Naoiṁ.


Ní ḃfuil cuíd ná cumann agad ann sa miniosdrálaċdsa: oír ní ḃfuil do ċroiḋe díreaċ a ḃfíaḋnuise Dé.


Ar a naḋḃarin ní héidir do leisgél a ġaḃáil, a ḋuine, giḋ bé ar biṫ ṫú ḋamnuiġeas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neaċ eile, dáoraḋ tú ṫú féin; óir ṫusa ḋáorus duine eile do ní tú na neiṫe céadna.


Agus as ó Ḋía atáid uile, noċ do reiḋiġ sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug ḋúinne miniosdrálaċd an réitiġ sin;


Uime sin dá nglana neaċ ar biṫ é féin úaṫa so, biáiḋ sé na ṡoiṫeaċ ċum onóra, ar na ḋéunaṁ náoṁṫam oireaṁnaċ don Tíġearna, ullaṁ ċum gaċ uile ḋeaġoibre.


Oír an tí atá gan na neiṫese aige atá sé dall, agus ní léir ḋó ní ar biṫ a ḃfad úaḋ, ar na ḋearmud dó gur glanaḋ é ó na ṡeanṗeacuiġiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ