Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Agus ná beiriḋ breaṫ, agus ní ḃéurṫar breaṫ oruiḃ: ná damnuiġe, agus ní daiméontar siḃ: maiṫiḋ, agus maiṫfiṫear ḋáoiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Ná taḃairigiḋ breiṫeaṁnas, agus ní ṫaḃarfar breiṫeaṁnas oraiḃ; ná daoraigiḋ, agus ní ḋaorfar siḃ; maiṫigiḋ, agus maiṫfear díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus ná beiriḋ breiṫ, agus ní béarfar breiṫ oraiḃ: agus ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Ná tugaiḋ breiṫ, agus ní taḃarfar breiṫ oraiḃ; ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ; maiṫiḋ, agus maiṫfar daoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:37
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Noċ a deir, Seas agad féin, ná tárr láiṁ riomsa; óir is náoṁṫa misi ná ṫú. Is deataċ íad so ann mo ṡróin, teine loisgeaċ ar feaḋ an laói.


Aċd nior ḃáill leisean sin: aċd ar nimṫeaċd dó do ṫeilg sé a bpriosún é, no go niocaḋ sé na fíaċa.


Is beannuiġṫe na daóine trócaireaċa: óir do ġeaḃa síad trócaire.


Agus an tan ḃéiṫí ḃur seasaṁ ag déanaṁ úrnuiġṫe, maiṫiḋ, má tá ní ar biṫ aguiḃ a naġuiḋ áonduine: ionnas go maiṫfeaḋ ḃur naṫairsi a tá air néaṁ ḃur ccionta féin ḋaoiḃsi mar an gcéudna.


Ar a naḋḃarsin ar na smaċduġaḋ, léiġfiḋ mé uáim é.


Ar a naḋḃarsin bíṫísi trócaireaċ, mar atá ḃur Naṫuir trocuireaċ.


Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naiṫreaċne, do ġlóruiġe sé a Ṁac féin Iósa; noċ do ḃraiṫeaḃairse, agus do ṡéunaḃair a ḃfíaḋnuisi Ṗíolaid, an tan rug sé do ḃreiṫ a sgáoileaḋ.


Biġiḋ soċroiḋṫeaċ, trócaireaċ ḋá ċéile, ag taḃairt maiṫeaṁnuis uáiḃ, aṁuil tug Día mar an gcéudna maiṫeaṁnus dáoiḃse a Gcríosd.


Ag taḃair íomċair ḋá ċéile, agus ag maiṫeaṁ ḋá ċéile, má tá gearan ag neaċ a naḋuiġ aroile: aṁuil tug Críosd maiṫeaṁnas díḃse, go maḋ haṁluiḋ sin ḋéunas siḃse.


Oír breiṫeaṁnus gan trócaire, don tí naċ dearnaḋ trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeaċas a naġuiḋ an ḃreiṫeaṁnuis.


Ná bíġiḋ ag gnúsuċduiġ ar a ċéile, a ḋearḃráiṫre, deagla ḃur ndamnuiġṫe: féuċ, atá an breiṫeaṁ na ṡeasaṁ ag an doras.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ