Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, agus déunuiḋ maiṫ, agus taḃruiḋ áirleaġaḋ úaiḃ, gan súil ré héinní arís; agus buḋ mór ḃur lúaideaċd, agus beiṫí ḃur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoiniḃ dombuíḋeaċa agus saiṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Aċt gráḋuiġigiḋ ḃur náiṁde; déanaigiḋ maiṫ agus taḃairigiḋ iasaċt, gan a ḃeiṫ ag súil le dadaṁ dá ḃárr, agus béiḋ luaċ saoṫair mór agaiḃ, agus béiḋ siḃ ḃur gcloinn ag an té is Áirde, óir bíonn seisean go maiṫ do ḋaoine a ḃíos díombuiḋeaċ agus olc,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:35
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá an duine maiṫ grásaṁuil, agus áirleacṫaċ: ceannsoċaiḋ sé a ḃríaṫra le breiṫeaṁnus.


Is maiṫ an TIĠEARNA do nuile: agus atá a ṫrócaire ċinealta ós cionn a oibreaċ uile.


Atá sé trócaireaċ, agus áirleagṫaċ; ar feaḋ an laói, agus atá a ṡlioċd beannuiġ.


Agus a déara duine, Go deiṁin, atá soċar ag an ḃfíreun: go dearḃṫa sé Día do ní breiṫeaṁnus air an ttalaṁ.


An té agá mbí truaiġe don ḃoċt airligiḋ sé don TIĠEARNA; agus an ní do ḃéara sé úaḋ íocfuiḋ sé ris é a rís.


An té agá mbí súil ṫioḋlaicṫeaċ biáiḋ sé beannuiġ; óir do ḃeir sé cuid dá arán do boċtuiḃ.


Is beannuiġṫe luċd na sioṫċána do ḋéanaṁ: óir goirfiḋṫear clan Dé ḋioḃ.


Agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, a duḃairt sé, Créd í mo ċuidsi ḋíot, a Iósa, a Ṁic Dé roáird? Cuirim a huċd Dé ort, gan mo ṗianaḋ.


Bíaiḋ se mór, agus goirfiḋear Mac an té is Airde ḋe: agus do ḃéura an Tiġearna Día caiṫír Ḋáiḃí, aṫar féin ḋó.


Ar a naḋḃarsin bíṫísi trócaireaċ, mar atá ḃur Naṫuir trocuireaċ.


Air so aiṫéonaid na huile ḋáoine gur deisciobail ḋaṁsa siḃ, má ḃíonn gráḋ aguiḃ féin dá ċéile.


As so do ġeiḃ Maṫairsi glóir siḃsi do ṫaḃairt móráin toraiḋ; agus ḃeiṫí ḃur ndeisciobluiḃ agamsa.


Bíoḋ nar ḟág sé é féin gan ḟíaḋnuise, ag déunaṁ maiṫeasa, ag taḃairt feaṫanna ḋuinn ó neaṁ, agus seusúir ṫórṫaiġ, ag líonaḋ ar gcroiḋeaḋ do ḃíaḋ agus do ġáirdeaċus.


Oír is aiṫne ḋaóiḃ grása ar Dtiġearna Iósa Criósd, do ḃríġ ar mbeiṫ ḋó saiḋḃir, go dtarla ḋó ḃeiṫ boċd ar ḃur sonsa, ċum siḃse do ḋéunmah saiḋḃir ré na ḃoċdainesion.


Oír béid dáoine róċeanaṁuil orrṫa féin, sanntaċ, aiḋḃéil, díomsaċ, íṫiomráiteaċ, easúṁal dá naiṫriḃ agus dá máiṫriḃ, dómbuiḋeaċ, neaṁnáoṁṫa,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ