Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 An té ḃúaileas tú air a ngíall iompó ċuige an gíall eile; agus an té ḃeanus do ċlóca ḋíot ná bac ḋe do ċíota fós a ḃreiṫ leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus an té a ḃuaileas ṫú ar leacain leat, tionntuiġ ċuige an leacain eile fosta, agus má ḃeir duine do ċlóca leis, ná cosg air do ċasóg aċt a oiread.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 An té ḃuaileas ṫú ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis; agus an té ḃaineas do ḃrat díot ná h‐eitiġ do ċasóg air, ċóṁ maiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus an t-é a ḃuailfiḋ ṫu ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile; agus má ḃeireann duine do ḃrat uait, leig leis do ċasóg ċóṁ maiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:29
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Meṗibóset ris an ríġ, Glacaḋ sé íomurro an tiomlán, ó ṫáinic mo ṫiġearna an ríġ a rís a síoṫċáin da ṫiġ féin.


¶ Annsin ṫáinic Sedeciah ṁac Ċenaanah a ccoṁḟogus, agus do ḃúail sé Micaiah air an ngiall, agus a dúḃairt, Cá sliġe a ndeaċaiḋ Spiorad an TIĠEARNA úaimse do laḃaírt riotsa?


Ṫug mé mo ḋruim do na buáilteoriḃ, agus mo ġruaiḋe don druing do ṫarruing an fionnaḋ asta: níor ḟoluiġ mé mo ġnúis ó náire agus ó ṡeiliġiḃ.


Do ḃeir sé a ġruáiḋ don té ḃuáileas é: atá sé ar na líonaḋ lán do sgannail.


Anois cruinniġ ṫú féin a slúaġaiḃ, a inġean na slúaġ: do ċuir sé foslongṗort re ar naġaiḋ: buáilfid síad breiṫeaṁ Israel le slait air an ngrúaiḋ.


Ann sin do ġaḃadar do ṡeiliḋiḃ an a éadan, agus do ġaḃadar dream eile do ṡlataiḃ air,


Agus an tan do ḟoluiġeadar é, do ḃuáileadar a aġuiḋ, agus dfiafruiḋeadar ḋe, ag ráḋ, Déana fáiġeadóireaċd, cía ḃúail ṫú?


Agus taḃuir do gaċ neaċ íarrus ort; agus ón te ṫógḃás do ċuid úait ná híarr air ais é.


Agus an tan duḃairt sé na neiṫesi, dó ḃuáil óglaċ do na máoruiḃ do ḃí na ṡeasaṁ a láṫair bas ar Iósa, ag ráḋ, An mar sin ḟreagrus tú an tárdsagart?


Aċd do aiṫin Ananías an tárdsagart do na dáoiniḃ do ṡeas láiṁ ris a ḃúalaḋ ar a ḃéul.


Gus a namsa féin atámáoid ag faġáil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid lomnoċdaiġ, agus gaḃṫar do ḋornaiḃ orainn, agus ní ḃfuil ionad coṁnuiḋe ar biṫ áiriġe aguinn;


Uime sin a nois atá loċd go cinnte ionnuiḃ, tré ḋul díḃ ċum dliġe eadruiḃ féin. Créd fá naċ ḃfuilngṫí éugcóirní as táosga? créd fa naċ ḃfuilngṫí ḃur meallaḋ ní as luáiġṫe?


Oír iomċarṫaói, dá mbeire neaċ a ndaóirsi siḃ, dá sluige neaċ siḃ, dá mbeana neaċ ḃur gcuid díḃ, da nárduiġe neaċ é féin, dá mbuáile neaċ siḃ ar a naḋuiġ.


Oír do ḃaḃair ag fulang má ráon ríomsa um ġéiḃeannuiḃ, agus do ġaḃaḃair ċuguiḃ go luaṫġáireaċ fáḋḃaḋ ḃur máoine, ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ ionnuiḃ féin go ḃfuil maóin ṡíorruiḋe as fearr ná sin aguiḃ ar neaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ